Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Beatha Cholm Cille (ar athláimh)

Sleachta as Betha Colaim Chille a thiomsaigh Mánas Ó Dónaill sa bhliain 1532 A.D. Curtha in eagar ag Anraí Mac Giolla Chomhaill. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. An Chéad Chló 1981. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht an-mhaith. Síniú agus nótaí an iar-úinéara ar an leathanach teidil. Bloc téacs an-ghlan.

Mar Mhaireas É II 1917-1919 (ar athláimh)

Gray, Jenkins, Dale. 1970. Oifig an tSoláthair. Micheál Ó hOdhráin a d’aistrigh agus a chuir in oiriúint. Clúdach crua, riocht maith, spotaí ar an imeall.

An Apology for Roses (ar athláimh)

John Broderick. Pan Books Ltd., 1974. Riocht maith. Droim rocach agus dorchú ar an imeall.

An Tine Bheo (ar athláimh)

Mícheál Ó hOdhráin. Foilseacháin Náisiúnta Tta., an chéad chló 1965. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchlúdach caite, agus smál air. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Chasing Progress in the Irish Republic (ar athláimh)

Ideology, democracy and dependent development. John Kurt Jacobsen. Cambridge University Press, 1994. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smál beag ar chúl.

Caesar de Bello Gallico IV (ar athláimh)

An tAth. Pádraic Ó Laoi. Sáirséal agus Dill, 1963. Clúdach crua gan fhorchlúdach. Dath an droma ídithe. Na leathanaigh an-ghlan.

Comóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916 (ar athláimh)

Conradh na Gaeilge, 1966. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, breacphictiúir ar chúl. Nótaí scríofa i bpeann ar na leathanaigh, ach iad ar fad inléite.

Cúrsaí Thomáis [1927] (ar athláimh)

Clúdach crua, dath iomlán imithe uaidh agus an téacs air doléite. An chuid eile den leabhar i riocht cuibheasach maith. Hodges 7 Figgis 1927.

Ó Mórna agus Dánta Eile (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Cló Mórainn, 1957. Clúdach bog, riocht maith. Na himill beagáinín caite agus smál ar an chlúdach. Na leathanaigh i riocht an-mhaith.

Ar Bhruach na Laoi (ar athláimh)

Liam Ó Muirthile. Comhar, 1995. Duaisleabhar Oireachtais. Clúdach bog, riocht maith. Smál agus roic ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Ceachta as Leabhar na Cruinne [1940] (ar athláimh)

Clúdach crua, dath an línéadaigh ídithe beagáinín. Dorcha ar an imeall. Riocht maith. An tAthair P. Mac Giolla Cheara, Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.

Téacs-Leabhar Céimseatan do Bhun Scoileanna agus Meadhon-Scoileanna (ar athláimh)

leis na Bráithre Críostamhla. M.H. Mac Guill & a Mhac, Teor. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan.

Téarmaí Tráchtála (ar athláimh)

Smál ar an gclúdach, agus é caite ar an imeall. Meirg bheag ar na stáplaí. Fochoiste den Choiste Stiúrtha Téarmaíochta a shocraigh na Téarmaí Tráchtála seo. Cé gur Téarmaí Tráchtála an teideal baineann na téarmaí sa chnuasach le réimse leathan ábhar: Cuntasaíocht, Baincéireacht, Eacnamaíocht, Eagrú Gnó, etc.

Dr Jekyll agus Mr Hyde [1929, crua] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Spotaí ar an imeall agus ruachan istigh. Stampa iar-leabharlainne air. An forchlúdach beagán caite.

Tréithe Thomáis Ághas (ar athláimh)

An tAthair Seosamh Ó Muirthile, C.Í. Clódhanna Teoranta 1967. Clúdach bog, riocht maith. Clúdach beagáinín caite.

An Iodh Morainn 1946 (ar athláimh)

Iris an Choláiste Ollsgoile Baile. Iris Bhliadhantamhail, Imleabhar a hAon Uimhir a Seacht á foillsiú ag an gCumann Gaedealach. 1946. Clúdach bog, riocht maith go leor. Imeall caite, roinnt smáil ar an chlúdach agus taobh. Meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Flós Fómhair 1973 (ar athláimh)

Clúdach bog, dorchú ar an gclúdach. Riocht maith. Foilsithe ag An tOireachtas. In eagar ag Aindrias Ó Muimhneacháin.

Bligeard Sráide (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, 1983. Líníocht le Michael Mulcahy. Clúdach bog, riocht maith, smál beag ar an gclúdach.

An Bealach Romhainn (ar athláimh)

Pádraig Ó Snodaigh. 1974, Clódhanna Teoranta. Leabhrán bog, riocht cuibheasach maith. Meirg bheag ar na stáplaí.

The EEC – Ireland and the Making of a Superpower (ar athláimh)

Anthony Coughlan. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, cúpla smál air. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil