Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Uasdátú 8 Bealtaine 2020

Ar an 27 Márta, d'fhógair Rialtas na hÉireann gur gá seirbhísí nach seirbhísí riachtanacha iad a dhúnadh go hiomlán i gcoinne leithniú an víris COVID-19. Ar an 1 Bealtaine cuireadh leis an tréimhse ar cheart dúinn bheith dúnta. Chuige sin, tá An Siopa Leabhar ar Shráid Fhearchair dúnta go dtí tús an Mheithimh.

Fágann sé seo nach féidir linn orduithe a chomhlíonadh ag an staid seo (is é sin, ní féidir linn dul chuig an siopa, iad a phacáil, ná iad a chur sa phost).

Is féidir fós orduithe a dhéanamh linn anseo, agus tosóimid á gcur amach ón 8 Meitheamh ar aghaidh. 

Táimid fós ar fáil ag siopa@cnag.ie agus ar na meáin shóisialta. Má chuireann tú glaoch orainn, bí cinnte teachtaireacht a fhágáil, agus glaofaidh muid ar ais ort.

Fan sa bhaile, fan sábháilte.

Uaireanta Oscailte

Dúnta go hiomlán go dtí 8 Meitheamh. Seolfaimid orduithe amach ansin. Beidh moill ar chúrsaí fad a shocraímid an siopa ag an bpointe sin. Tuilleadh eolais ar fáil nuair a bheidh sé againn.

 


Lean muid ar Twitter

Leabhar na Míosa

Cuisle an Chósta
Leabhar neamhfhicsin d'fhoghlaimeoirí
€12.00 €10.00

Sa bhailiúchán soléite seo le Catherine Foley de cholúin raidió agus nuachtán, tugtar cuntas suimiúil ar shaol laethúil phobal cheantar na Rinne.

Rogha na Foirne

Eachtra Pheadair Schlemihl:
An Fear a Dhíol a Scáil
.

€10.00

Foilsithe in 1813 mar Peter Schlemihls wundersame Geschichte le Adelbert von Chamisso.
Aistrithe go Gaeilge ag Piaras Béaslaí, in eagar ag Gabriel Rosenstock.

Uaireanta Oscailte

Dúnta go hiomlán go dtí 8 Meitheamh. Seolfaimid orduithe amach ansin. Beidh moill ar chúrsaí fad a shocraímid an siopa ag an bpointe sin. Tuilleadh eolais ar fáil nuair a bheidh sé againn.