Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Leabhar Iomann le Ceol (ar athláimh)

Dá Chur Amach ag Cumann Gaelach na hEaglaise. Eaglais na hÉireann. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Marcanna ar an chlúdach, cúinní beagáinín caite agus greamán ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

An Coinbhinsiún Eorpach um Chearta na Duine (ar athláimh)

Forchlúdach páipéir timpeall air. Na stáplaí i riocht maith.

Comhlucht na Maide Mianach (ar athláimh)

Freeman Wills Crofts. Seán Mac Maoláin a d’aistrigh. Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais, 1933. Clúdach crua, gan forchlúdach. Imill caite, dath ídithe agus smál ar an chlúdach. Dorchú agus spotaí ar an taobh.

Úll i mBarr an Ghéagáin (ar athláimh)

Imeall caite, smál ar roinnt mhaith leathanach agus ar imeall na leathanach. I riocht cuibheasach maith seachas sin. Clúdach bog.

Wordshop (ar athláimh)

D.U. Writers’ Workshop. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál an-bheag ar an chlúdach.

Seán Ó Ríordáin – Saothar an Fhile (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Oideas Mercier, 1975. Clúdach bog, riocht maith. Beagáinín deannaigh ar an chlúdach, roinnt smál beaga air chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Sport in Ireland (ar athláimh)

Aspects of Ireland/Gnéithe dár nDúchas 6. Noel Carroll. Department of Foreign Affairs, 1979. Clúdach bog, riocht maith go leor. Roic agus smáil ar an chlúdach, atá beagáinín lúbtha. Bloc téacs an-ghlan.

Biggles Flies to Work (ar athláimh)

Capt. W. E. Johns. Dean & Sons, 1963. Clúdach crua, i riocht cuibheasach caite. An clúdach féin lúbtha, agus smál air. Dorchú ar na leathanaigh. Dath an droma ídithe go mór.

An Bás i dTír na nÓg (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach.

Eamon de Valera (ar athláimh)

The Earl of Longford & Thomas P. O’Neill. Gill and Macmillan, second impression 1970. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Clúdach plaisteach breise ar an bhforchlúdach. Smál ar an bhforchlúdach, beagáinín caite in áiteanna. Smál ar an taobh agus na leathanaigh cheangail. Stampaí iar-leabharlainne air. Bloc téacs an-ghlan.

Cúrsaí Randolf (ar athláimh)

Siobhán Ní Shuilleabháin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló, 1957. Clúdach bog, riocht maith go leor. Stáplaí sa chlúdach. Imeall beagáinín caite, smál ar an chlúdach. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

An tOilithreach Gaelach [clúdach bán] (ar athláimh)

Tráchtaireacht agus treoir don leabhar Mo Scéal Féin le Peadar Ó Laoghaire. Cyril Ó Céirín. Cló Mercier, 1973. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú ar an droim agus cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

A’ Càradh an Rathaid (ar athláimh)

Maoilios M. Caimbeul. Leaganacha Gaeilge le Liam Prút. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Cúpla smál beag ar an chlúdach.

Bóthar an Óir [clúdach stríocach, C] (ar athláimh)

Riocht an-mhaith. smál ar an gclúach, dorchú ar chúl, dath ídithe ar an droim. Spotaí ar an taobh ar barr. Meirg ar na stáplaí. Máiréad Ní Ghráda. Brún agus Ó Nualláin Tta. 40 lth.

An Geall a Briseadh (ar athláimh)

Tomás Bairéad. Oifig Díolt Foillseacháin Rialtais, 1946. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Cúinní caite, smál ar an chlúdach. Leathanach cheangal gearrtha ón leabhar. Dorchú ar na leathanaigh.

Ceacht an Éin (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Máirtín Ó Direáin. Smál ar an bhforchlúdach, an clúdach crua agus an bloc téacs i riocht maith.

Oghma 3 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1991. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Scéalta as an Apocrypha (ar athláimh)

Muircheartach Ó Conga a d’aistrigh don Easpag Bedell. An Canónach Oirmhinneach Cosslett Ó Cuinn a chuir in eagar. Oifig an tSoláthair 1971. Clúdach crua, gan fhorchlúdach, riocht maith.

An Apology for Roses (ar athláimh)

John Broderick. Pan Books Ltd., 1974. Riocht maith. Droim rocach agus dorchú ar an imeall.

Constance Markievicz (ar athláimh)

Sean O Faolain. Sphere Books Limited, 1934. Clúdach bog, riocht maith go leor. Roic agus smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Ruachan ar na leathanaigh cheangail.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil