Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Uasdátú 6 Lúnasa 2020

Tá an siopa ar oscailt (le huaireanta srianta) don phobal, gach Máirt agus Déardaoin idir 12:00 agus 16:00.

Tá cúpla rogha agat chun leabhair a fháil uainn, seachadta nó le bailiú:
– Cuir ordú isteach anseo ar www.siopaleabhar.com
– Cuir rphost chugainn ag siopa@cnag.ie
– Cuir glaoch orainn ag +353 (0)1 478 3814
(fág teachtaireacht le do thoil – seans go bhfuilimid ar an bhfón le duine eile!)

Tá iarliosta orduithe á comhlionadh againn faoi láthair ó tá i bhfad níos mó daoine ag ordú ar líne na laethanta seo! Beimid an-bhuíoch as do chuid foighne ag an am seo - seans go dtógfaidh sé seachtain nó mar sin tús a chur le d'ordú. Táimid ag obair ar an am fanachta seo a laghdú!

Custaiméirí i Meiriceá: Tabhair faoi deara go bhfuil bloc ar phacáistí ag dul go Meiriceá faoi láthair. Má théann an táille poist thar €8 ní bheimid in ann iad a sheoladh ag an bpointe seo. Beimid ag coinneáil pacáistí siar go dtí go mbeidh USPS ag glacadh leo arís.

Uaireanta Oscailte (srianta)

Dé Máirt 12.00 go 16.00

Déardaoin 12.00 go 16.00


Lean muid ar Twitter

Leabhar na Míosa

Meascra ón Aer
Cnuasach ilúdar ilábhar.
€10.00 €8.00

Tagann ábhar an leabhair seo ón tsraith raidió ‘Meascra’ a rinne Marcus Mac Conghail do Raidió na Gaeltachta. Iarracht a bhí sa tsraith ardán a thabhairt don scríbhneoireacht nua agus ábhar siamsaíochta a chur ar fáil.

Rogha na Foirne

Picnic Teidí:
Amhráin agus rannta do pháistí

€14.95

Amhráin agus rannta do ghasúir cumtha ag Sadhbh Rosenstock. Oiriúnach do pháistí agus daoine fásta (go háirithe le chéile). Rachaimis ag an bpicnic!

Uaireanta Oscailte (srianta)

Dé Máirt 12.00 go 16.00

Déardaoin 12.00 go 16.00