Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Ó Mórna agus Dánta Eile (ar athláimh)

Máirtín Ó Direáin. Cló Mórainn, 1957. Clúdach bog, riocht maith. Na himill beagáinín caite agus smál ar an chlúdach. Na leathanaigh i riocht an-mhaith.

Conamara Theas – Áit agus Ainm (ar athláimh)

Aistriú Gaeilge a rinne Liam Mac Con Iomaire ar Mapping South Connemara le Tim Robinson. Coiscéim, 1992. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Comhad Comhairleora (ar athláimh)

De Valera: Long Fellow, Long Shadow (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Smál beag ar an bhforchlúdach. Riocht an-mhaith. Tim Pat Coogan.

Craic Baby (ar athláimh)

Darach Ó Séaghdha, Head of Zeus Tta. 2018. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Seo Apartheid – Trácht agus Pictiúir (ar athláimh)

An Coiste idirnáisiúnta le haghaidh cosanta agus cabhrach do dheisceart na hAfraice. Clúdach bog. Clúdach beagainín caite, riocht maith san iomlán.

Dánta 1966-1998 Michael Davitt (ar athláimh)

Michael Davitt. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht an-mhaith, nach mór nua.

Von Umgang Mit Staatsmännern (ar athláimh)

Jürg Spahr. Verlag Ex Libris Zürich, 1968. Clúdach crua, riocht cuibheasach. Clúdach caite, barr an droma stróicthe. Cúinní brúite. Smál agus deannach ar an chlúdach. Droim leochaileach taobh istigh, ag éalú. Bloc téacs an-ghlan.

Dublin (ar athláimh)

Peter Somerville-Large. Granada Publishing Ltd., 1981. Riocht an-mhaith. Dorchú ar an imeall.

Jemmy Hope – An Chéad Sóisealaí Éireannach (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Proinsias Mac an Bheatha. An chéad chló 1985. Peadar O’Donnell a scríobh an brollach. Riocht maith.

An Bealach Chun a’ Bhearnais (ar athláimh)

Tarlach Ó hUid. Clólucht an Talbóidigh. An chéad chló, 1949. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach caite ar an imeall, smál air agus dorchú ar chúl. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

Idir Shúgradh agus Dáiríre Agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. OIfig an tSoláthair, 1951. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. Smál ar an gclúdach agus ar na leathanaigh ceangal. Ruachan agus spotaí ar leathanaigh agus ar an imeall. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Letters from the Great Blasket (ar athláimh)

Eibhlís Ní Shúilleabháin. Mercier Press. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Smáil ar chúl.

Beirt le Marú (ar athláimh)

Seán Ó Ciaruáin. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht iontach. Smál beag ar chúl.

Fiche Duan (ar athláimh)

A selection of Gaelic Poems from the Best Modern Authors. Edited wth notes and vocabulary by Shán Ó Cuív. Fourth impression. Brún agus Ó Nóláin, gan dáta. Clúdach leathchrua, i riocht cuibheasach caite. An clúdach brúite is caite. Cúpla nóta breactha ar dhornán leathanach. Dorchú ar na leathanaigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Listen and Learn – An Elementary Series of Irish Lessons to be taught through the medium of Broadcasting (ar athláimh)

Radio Éireann. Aindrias Ó Muimhneacháin. Clúdach bog. Dath ídithe ar an imeall, breachphicitiúir ar an chlúdach. Cúinní lúbtha. Meirg ar na stáplaí. Spotaí taobh istigh.

Second Top of the Form Quiz Book (ar athláimh)

Compiled by Boswell Taylor. BBC TV. Knight Books, 1969. Clúdach bog, riocht cuibheasach caite. Ag éalú ón droim taobh istigh ar chúl. Smáil ar an chlúdach. Ruachan agus smáil ar na leathanaigh cheangail agus taobh. Bloc téacs dorcha ach an-ghlan.

Ceol na Coille (ar athláimh)

Eilís Diolún do cheap. Maighréad Ní Uiginn do mhaisigh. Oifig an tSoláthair, An Chéad Chló 1955. Clúdach leathchrua le forchlúdach, i riocht an-mhaith. Smál ar an gclúdach ar chúl, dorchú ar na leathanaigh laistigh.

B’fhiú an Braon Fola (ar athláimh)

Séamas Ó Maoileoin. Clúdach crua. Forchlúdach plaisteach leis. Sáirséal agus Dill. An dara cló 1972.

Mise Raifteirí an File (ar athláimh)

Críostóir Ó Floinn. Sáirséal Ó Marcaigh, 1984. Clúdach bog, riocht maith. Dorchú ar an chlúdach agus cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil