Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

I mBéal an Phobail

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Theobald Wolfe Tone – Colonial Outsider (ar athláimh)

An Analysis of His Political Philosophy. Tom Dunne. Tower Books of Cork, 1982. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus dath ídithe in áiteanna. Bloc téacs an-ghlan.

Oghma (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1989. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

Nua Gach Bia (ar athláimh)

A Dictionary of Cookery, English-Irish, Irish-English. Muiris Ó Droighneáin. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1973. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, riocht maith go leor. Deannach agus cúpla smál ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

In Praise of Poteen (ar athláimh)

John McGuffin. Appletree Press, 1978. Clúdach bog, riocht maith. Roinnt smáil beaga ar an chlúdach, deannach ar an taobh. Bloc téacs glan.

Beannachtaí ón Oileán Tiar (ar athláimh)

Muiris Mac Conghail, The Wynkyn de Worde Society. 1984. Clúdach bog le forchlúdach. Dath an fhorchlúdaigh ídithe beaganín. Riocht an-mhaith. Bloc téacs an-ghlan.

Gaelic Phonetics (ar athláimh)

D.A. Collier. Juverna Press Ltd. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh chomh maith ach iad an-ghlan.

A Traitor’s Kiss (ar athláimh)

The Life of Richard Brinsley Sheridan. Fintan O’Toole. Granta Books 1997. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht an-mhaith.

Gluais de Théarmaí Teileachumarsáide Béarla-Gaeilge (ar athláimh)

Grúpa Stiúrtha na Gaeilge, Telecom Éireann, 1991. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe.

Faoi Chrann Smola (ar athláimh)

La Terre Qui Meurt le René Bazin. Aistrithe ag Séamus Ó Grianna (“Máire”). Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1934. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Na cúinní agus imill beagáinín caite, cúpla marc ar an chlúdach. Spotaí ar an taobha ach bloc téacs an-ghlan. Stampa iar-leabharlainne taobh istigh.

Iósaf – Céile na Maighdine (ar athláimh)

Seán de hÍde. FÁS, an chéad chló 1958. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, imeall beagáinín caite. Bloc téacs an-ghlan.

Seal ag Ródaíocht (ar athláimh)

Proinsias Mac Maghnuis. Sáirséal agus Dill, 1972. Clúdach leath-chrua, riocht maith. Cúpla smál beag ar an chlúdach. Roic ar an droim. Na leathanaigh dorcha ach an-ghlan.

Iveagh House – a Historical Description (ar athláimh)

Aspects of Ireland/Gnéithe dár nDúchas 2. Department of Foreign Affairs, 1978. Clúdach bog, riocht maith. Cúinní beagáinín caite. Smáil ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Léas Ar Ár Litríocht (ar athláimh)

Pádraig Ó Fiannachta. An Sagart, 1974. Clúdach crua le forchlúdach, riocht cuibheasach. Forchlúdach caite, stróicthe ar chúl agus smál air. Bloc téacs an-ghlan.

Scéal na hÉireann don Aos Óg – Cuid a Dó (ar athláimh)

Clúdach crua. An tAthair Pádraig Ua Duinnín. Brún agus Ó Nualláin, Teor. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara leis.

Gleann ar Ghleann (ar athláimh)

Michael Davitt. Sáirséal, 1981. Clúdach bog, i riocht maith. An clúdach beagáinín rocach, dorchú ar na leathanaigh.

Géarchéim in Éirinn (ar athláimh)

Dick Walsh. Foillseacháin Náisiúnta Teoranta, 1970. Clúdach bog, riocht maith. Sínithe ag an údar. Imeall beagáinín caite, smál ar an chlúdach.

Curious Journey (ar athláimh)

An Oral History of Ireland’s Unfinished Revolution. Kenneth Griffith, Timothy O’Grady. Mercier Press, 1998. Clúdach bog, rioch an-mhaith.

Malton’s Dublin 1799 (ar athláimh)

James Malton. Reproduced from the edition of 1799, with an introduction by The Knight of Glin. The Dolmen Press, 1980. Clúdach bog, riocht maith.Smál ar an chlúdach, dorchú ar an taobh. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Spotaí ar imill na leathanach.

Biggles Flies to Work (ar athláimh)

Capt. W. E. Johns. Dean & Sons, 1963. Clúdach crua, i riocht cuibheasach caite. An clúdach féin lúbtha, agus smál air. Dorchú ar na leathanaigh. Dath an droma ídithe go mór.

Luathealaín na hÉireann (ar athláimh)

Máire de Paor. An Gúm, 1990/ Clúdach bog, riocht cuibheasach. Níl na leathanaigh ceangailte leis an gclúdach. Smáil ar an chlúdach.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil