Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Beoir Bhaile agus Scéalta Eile (ar athláimh)

Dónall Mac Amhlaigh. An Clóchomhar Tta, 1981. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

An Bás i dTír na nÓg (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach.

Nua-Dhuanaire – Cuid I (ar athláimh)

Clúdach crua, gan fhorchlúdach. Neart nótaí ar chuid de na dánta amhail is gur leabhar é a d’úsáid neach léinn. Riocht cuibheasach maith.

Bunchéim (ar athláimh)

Bunaithe ar an gcúrsa comhrá bunsraith Ghaeilge. Comhlacht Oideachais na hÉireann, gan dáta. Droim brúite agus caite go maith, Is leabhar gníomhaíochta é seo, ach níl ach na crosfhocail líonta ag an iar-úinéar, cuid de i bpeann. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangal. Nótaí beaga scríofa tríd.

Úll i mBarr an Ghéagáin (ar athláimh)

Imeall caite, smál ar roinnt mhaith leathanach agus ar imeall na leathanach. I riocht cuibheasach maith seachas sin. Clúdach bog.

Republican Congress 1934 (ar athláimh)

George Gilmore. Dochas Co-Op Society Ltd. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach agus dorchú air.

Dánta Meán-teastais 1964-1965 (ar athláimh)

Leabhar bog, meirg ar na stáplaí, clúdaithe le páipéar donn. Cluaisíní cait ar chuid de na leathanaigh.

Éanlaith Fhra Angelico (A) (ar athláimh)

Antonio Tabucchi. Máire NIc Mhaoláin a chuir i nGaeilge. Coiscéim, 1987. Clúdach bog i riocht maith. Dorchú ar na leathanaigh agus ruachan ar an leathanach teidil.

Bruighean Feille (ar athláimh)

Niall Ó Domhnaill. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. 1934. Leabhar crua le forchlúdach páipéir lámhdhéanta. An forchlúdach caite agus breacphictiúir air. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs glan.

Dúdhúchas (ar athláimh)

Pádraig Ó Máille. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1972. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Beagáinín deannaigh agus smál ar an bhforchlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

The End of Irish Catholicism? (ar athláimh)

D. Vincent Twomey. Veritas, 2003. Clúdach bog, riocht maith.

An Páipéar Bán um Athbheochan na Gaeilge (ar athláimh)

Tuarascáil don Tréimhse far chríoch 31 Márta, 1966. White Paper on the Restoration of the Irish Language: Progress Report for the Period Ended 31 March, 1966. Oifig an tSoláthair, 1966. Leabhrán bog, riocht maith. Dath an imill ídithe, smáil air. Ainm an iar-úinéara scríofa air. Léarscáil taobh isitgh. Bloc téacs an-ghlan.

Irish Spelling – A Lecture (ar athláimh)

Osborn Bergin, Brún agus Ó Nualláin Tta, 1911. Leabhrán. Riocht maith go leor, dath ídithe agus dorchú ar an imeall agus an clúdach stróicthe in áiteanna. Bloc téacs i riocht an-mhaith.

An Fête agus scéalta eile (ar athláimh)

Beairtle Ó Conaire. Clódóirí Lurgan. 1984. Clúdach bog, riocht an-mhaith.

Greann is Gáire (ar athláimh)

Risteárd Ó Luineacháin. Brún agus Ó Nóláin, Teor. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú agus smál ar an chlúdach, meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Éire – An Teagmháil Athnuaite Sin (ar athláimh)

Irlanda “quel riconfermato incontro”. Ireland “that reconfirmed encounter”. Mario Luzi. Istituto Italiano di Cultura, Dublino. 1993. Clúdach bog. riocht maith. Smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

An Duinníneach [crua] (ar athláimh)

Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1958. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith go leor. Forchlúdach caite, stróicthe in áiteanna agus smál air. Leabhar crua féin i riocht maith. Bloc téacs an-ghlan.

Irish Freedom – The History of Nationalism in Ireland (ar athláimh)

Richard English. MacMillan, 2006. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Na leathanaigh beagáinín dorcha ach an-ghlan.

Gargantua (leagan Gaeilge) (ar athláimh)

François Rabelais. Aistrithe ag Breandán Ó Doibhlin. Coiscéim, 2004. Clúdach bog, riocht iontach. Sínithe ag an aistritheoir. Cúpla spota ar an taobh.

The Ó Cléirigh Family of Tír Conaill. (ar athláimh)

With the Ó Cléirigh Genealogies. Paul Walsh. 1938. Clúdach bog a théann níos faide ná an bloc téacs. Smál dí dearg ar an gclúdach tosaigh agus cúil. Dorchú ar na leathanaigh laistigh, bloc téacs an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil