Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Téarmaí Ríomhaireachta – Computer Terms (ar athláimh)

An Gúm, 1990. Clúdach bog, riocut maith. Bun agus barr an droma beagáinín caite, cúpla smál beag air. Bloc téacs an-ghlan.

An Bás i dTír na nÓg (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Coiscéim, 1988. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach.

An Cúigiú Soiscéal (ar athláimh)

Cothraí Gógan, 2000. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, cúpla smál an-bheag ar an chlúdach.

Translittérature – Eté 2013 (ar athláimh)

Samhradh 2013, Uimh. 45. Leabhrán bog, riocht an-mhaith.

On the Blanket – The H-Block Story (ar athláimh)

Tim Pat Coogan. Ward River Press, 1980. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach, dorchú ar na leathanaigh.

The Policies of Irish Literature (ar athláimh)

From Thomas Davis to W.B. Yeats. Malcolm Brown. University of Washington Press, 1973. Clúdach bog, riocht maith. Marcanna ar an chlúdach & taobh.

Cothú an Dúchais (ar athláimh)

Aistí in Ómós don Athair Diarmuid Ó Laoghaire. Máirtín Mac Conmara agus Éilís Ní Thiarnaigh a chuir in eagar. An Clóchomhar Tta., 1997. Clúdach crua le forchlúdach, riocht an-mhaith. Forchlúdach caite beagáinín ar an imeall.

Línte Liombó [1980, le forchlúdach] (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1980. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Smál ar an bhforchlúdach. Na leathanaigh an-ghlan.

Aeriris (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa. An Clóchomhar Tta., 1976. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht maith. Forchlúdach caite ar an imeall agus smál air/dath ídithe. Leabhar crua féin i riocht maith, spotaí ar an taobh.

The Irish of Cois Fharraige, Co. Galway (ar athláimh)

A Phonetic Study by Tomás de Bhaldraithe. The Dublin Institute for Advanced Studies, 1966. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach, agus na cúinní beagáinín brúite. Bloc téacs an-ghlan.

Crann a Chraobhaigh (ar athláimh)

Cnuasach Aistí. An Comhchaidreamh. Stiofán Ó hAnnracháin a chóirigh. An Clóchomhar Tta., 1985. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach. Ainm an iar-úinéar scríofa taobh istigh.

Le Clap-Sholus [1967] (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach leis atá lúbtha siar air féin chun tosaigh, riocht an-mhaith. Oifig an tSoláthair.

Éamonn Mac Giolla Iasachta 1887-1986 (ar athláimh)

Seán Ó Ceallaigh. Coiscéim, 2003. Sínithe ag an údar, tiomnaithe don iar-úinéar. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Barr an droma stróicthe beagáinín.

Roibeart Emmet [1936] (ar athláimh)

Clúdach crua. Raymond W. Postgate do sgríobh. Níl forchlúdach leis. Niall Ó Domhnaill a d’aistrigh. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht maith.

Cré na Cille [2007] (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal Ó Marcaigh, 2007. Clúdach crua le forchlúdach. Riocht iontach. Cúpla marc an-bheag ar an bhforchlúdach.

Laochra Luimnigh (ar athláimh)

Uí Dhálaigh Luimnigh agus Éirí Amach na Cásca 1916. Nóra de hÓir. Cló Saoirse, 2001. Leabhrán bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

Seas Roimhe! (ar athláimh)

Cló Chois Fharraige, Leabhráin Phóca 1. Máirtín Davy. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Meirg ar na stáplaí.

Rogha Dánta – Death in the Land of Youth (ar athláimh)

Seán Ó Tuama. Translations/Versions by Peter Denman/Seán Ó Tuama. Cork University Press. An Chéad Chló, 1997. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht an-mhaith. Smál ar an chlúdach chúl. Cúpla smál beag ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Dánta Éagsamhla (ar athláimh)

Gaeilge agus Béarla curtha ortha. Dubhghlas de hÍde. Clúdach bog, riocht cuibheasach caite. Poll an bealach ar fad tríd. Dorchú ar an imeall, spotaí ar an taobh agus ar na leathanaigh. Ainm an iar-úinéara scríofa taobh istigh.

Hans Christian Anderson – The First Three Tales (ar athláimh)

Aistrithe ag David Hohnen. Høst & Søn, 1965. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach agus cúpla smál beag air. Na leathanaigh beagáinín dorcha, ach an-ghlan.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil