Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Muga – Bród – Cupán (NineArrow)

Muga/cupán le Nine Arrow a deir ‘Bród’. An dearadh buailte orthu de láimh, moltar iad a ní de láimh.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Stair Éirghe-Amach na n-Éireannach i 1798 – An Chéad Leabhar [glas] (ar athláimh)

Séarlas Hamilton Taoiling. Aistrithe ag Tadhg Ó Rabhartaigh. Oifig an tSoláthair, an chéad cló 1941. Clúdach crua, gan forchlúdach. Riocht maith. Dath ídithe in áiteanna agus cúpla marcanna ar an chlúdach. Dorchú ar na leathanaigh.

A Traitor’s Kiss (ar athláimh)

The Life of Richard Brinsley Sheridan. Fintan O’Toole. Granta Books 1997. Clúdach crua, forchlúdach leis, riocht an-mhaith.

Conradh na Gaeilge – Ardfheis 1975 (ar athláimh)

Béal Átha na Slua 18-20 Aibreán. Leabhrán bog, meirg ar na stáplaí, clúdach marcáilte agus dath ídithe air, ruachan air.

Migmars (ar athláimh)

Gabriel Rosenstock. Ababúna, 1985. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Smál beag ar an gclúdach. Síniú an iar-úinéara laistigh.

Brosna (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill, 1965. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht maith go leor. Cúpla smál air, agus dath an droma ídithe. Spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Introduction to Computer Systems (ar athláimh)

International Computers Limited, 1972. Clúdach bog, riocht maith go leor. Dorchú ar an chlúdach, smáil air chomh maith. Bloc téacs an-ghlan.

Fearfasa MacFeasa (ar athláimh)

Pádraic Ó Conaire. Cló-Lucht an Talbóidigh, , Tta. Gan dáta. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith go leor. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna, cúpla smál an-bheag air. Na cúinní beagáinín caite. Spotaí ar an taobh agus roinnt leathanaigh. Stampaí iar-leabharlainne taobh istigh. Droim leochaileach taobh istigh, na leathanaigh ag éalú.

Lá agus Oidhche (ar athláimh)

Micheál Mac Liammóir. Clúdach crua. Smál ar an gclúdach, spotaí ar an imeall. C.S. Ó Fallamhain 1929. Bloc téacs saor ó scríbhneoireacht. Riocht cuibheasach maith.

An Léirmheastóir (ar athláimh)

Críostóir Ó Raghallaigh, 1932. Brian agus Ó Nualláin, 22 lth. Crua, riocht maith go leor

Saoirse gan Só (ar athláimh)

Seán de Fréine. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Eagrán an Chlub Leabhar, an chéad chló 1960. Clúdach crua, an íomhá clóite ar an gclúdach. Níl forchlúdach leis. Riocht an-mhaith.

School Climate Improvement – A Challenge to the School Administrator (ar athláimh)

Phi Delta Kappa. CFK Ltd. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach lúbtha, deannach agus smál air. Dath ídithe ar an imeall chomh maith. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Selections from Keating’s ‘Three Shafts of Death’ (ar athláimh)

Edited with notes and vocabulary by F. W. O’Connell. Maunsel & Co. 1910. Clúdach bog, riocht maith, dornán beag nótaí ar chúpla leathanach.

Plain and Ornamental Lettering (ar athláimh)

Blackie & Son LTD, London and Glasgow. Leabhrán peannaireachta a léiríonn clófhoirne difriúla agus a fhágann spás le hiad a chleachtadh. Ruachan ar chuid de na leathanaigh. Gan dáta.

Faill ar an bhFeart (ar athláimh)

Séamus Ó Néill. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1967. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach, i riocht an-mhaith. Smál beag agus dorchú ar imeall na leathanach. Bloc téacs an-ghlan. Nóta ón iar-úinéar taobh istigh.

Ó Ros Muc go Rostov (ar athláimh)

Críostóir Mac Aonghusa, An Clóchomhar Tta, 1972. 188 lth. Clúdach crua, le forchlúdach. Dath ídithe ar an bhforclúdach, smál ar taobh na leathanaigh. Riocht an-mhaith.

Le Linn ár nÓige [1938] (ar athláimh)

Ainm an iar-úinéara gearrtha amach. Leabhar crua. Tomás de Bhial a d’aistrigh ón mBéarla. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais. Riocht an-mhaith.

Línte Liombó (ar athláimh)

Seán Ó Ríordáin. Sáirséal agus Dill. An Chéad Chló, 1971. Clúdach crua le forchlúdach plaisteach. Riocht an-mhaith. Ainm an iar-úinéara scríofa ar an leathanach ceangal.

Graiméar na Gaeidhilge Léis na Bráithreachaibh Críostamhla (ar athláimh)

M.H. Gill & Son. Clúdach crua, riocht maith. Smál ar an chlúdach, cúinní lúbtha. Dorchú ar an taobh.

Tuarisc (ar athláimh)

Seosamh Ó Duibhginn. An Clóchomhar Tta., 1982. Clúdach bog, riocht maith. Dath ídithe, smál ar an chlúdach.

Leo – Saol agus Saothar an Fhile (ar athláimh)

Riocht an-mhaith, níl forchlúdach leis.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil