Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Shopping Cart 1
Sale!

An Táin (1989)

0.25 KGs:

Clódhanna Teoranta

Eoghan Ó Loingsigh

Only

5.00

Categories: ,

Description

Insint nua-aimseartha atá anseo againn den seanscéal Táin Bó Cuailgne a théann siar chomh fada leis an seachtú aois. Creidtear gur timpeall an ama sin a scríobhadh síos an Táin den chéad uair agus gur file a bhí eolach ar léann Laidne na mainistreacha a dhein é, file ar mhian leis cuma cheart a chur ar sheanábhar laochais a bhí ag an am sin i gcuimhne na ndaoine go fóill.

Leagan suimiúil é seo mar go bhfuil spéis nua múscailte le tamall anuas, go h-áirithe ag lucht seandálaíochta ar linne féin, sa tréimhse go mbaineann an Táin leis. Tugadh chun solais ag seandálaithe de chuid Bhord na n-Oibreacha Poiblí “oibreacha” ollmhóra cosanta a theann siar, dar leo, roimh theacht Chríost. Tugann an fhionnachtain seo léargas nua duinn, agus músclaíonn sé spéis athuair, i scéal seo na Tána agus faoi imeachtaí na gConnachtach agus na n-Ultach le linn do Mheadhbh bheith i réim.

Ach fágaimis é sin ar fad ag na scoláirí.

Additional information

Weight 0.25 kg