Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Shopping Cart 0

Punt Isló

0.35 KGs:

Coiscéim

Maidhc Dainín Ó Sé

6660012130078

6660012130078

Only

8.00

Out of stock

Category:

Description

Bhí cúrsaí crua ar Áine Ní Néill ó thús. Agus í ag teacht ar an saol i gCiarraí i 1921, fuair a máthair bás. Bhí comharsa mar mháthair nua aici, áfach, agus thug sise togha na haire di. Ní furasta an saol a bhí ag Áine, agus nár bhreá léi saibhreas a fháil – punt sa ló, abair…?

Imíonn sí léi go Meiriceá tar éis teacht in inmhe, agus post mar chailín aimsire ag na Goldbergs, lánúin ghustalach Ghiúdach i Chicago. Buaileann sí le Noel, a chuireann an-spéis inti, ach tá fúithi fanacht dílis don fhear atá ag feitheamh léi ag baile. Ach nuair a fhaigheann sí amach go bhfuil iníon na nGoldbergs sáinnithe sa Ghearmáin agus slua Hitler sa tóir uirthi, siúd léi féin is Noel tríd an Eoraip ag iarraidh í a fhuascailt óna gcrúcaí….

Fitear eachtraíocht, rómánsaíocht agus greann ina chéile san úrscéal seo, leis an gcumas mealltach inste is dual do Mhaidhc Dainín, agus tréimhse uafásach staire mar chúlra. Ní haon ionadh gur ar an saothar seo a bronnadh an duais don úrscéal éadrom is fearr i gComórtais Liteartha an Oireachtais.

Additional information

Weight 0.35 kg