An Leabhar Saothair – Cuid 1 – Léigí amach é! Fónaic na Gaeilge ón Tús
- .8 KGs:
- Cló Átha Cliath
- Úna Lawlor, Cara Dunne
€60.00
mar aon le hEochairleabhar le Fuaimrianta (ar líne)
Cleachtadh ar scríobh spriocfhocal atá sa Leabhar Saothair seo. Is féidir éisteacht leis na spriocfhocail astu féin agus in abairtí ón Eochairleabhar le Fuaimrianta (le fáil ar líne trí phasfhocal), breathnú ar na léaráidí, na spriocfhocail agus na habairtí a rá ansin. Cuidíonn na léaráidí ealaíonta leis an Tuiscint (is féidir iad a mhéadú ar an gClár Bán).
Tá rogha glórtha as cearnaí éagsúla na tíre curtha ar fáil, go gcloise na daltaí Gaeilge líofa.
Nuair a bheidh cleachtadh ó bhéal déanta na spriocfhocail a rá agus a léamh, astu féin agus in abairtí (ón ríomhaire nó ón gClár Bán, ag baint leas as an Eochairleabhar le Fuaimrianta) d’fhéadfaí fótachóip a dhéanamh den leathanach cuí as an Leabhar Saothair agus scríobh na spriocfhocal a chleachtadh.