Skip to main content

Ó Bhéal an Bhab *as cló faoi láthair*

  • .4 KGs:
  • Cló Iar-Chonnacht
  • Roibeard Ó Cathasaigh, Bo Almqvist, Bab Feirtéar
  • 9781905560561
Only

15.00

Out of stock


Scéalta seanchais ó sheanchaí clúiteach Chiarraí, Bab Feirtéar, le nótaí canúna faoin téacs scríofa ag Roibeard Ó Cathasaigh agus Bo Almqvist. Tá dlúthdhiosca leis an leabhar seo.

 

 

Ardscéalaí agus duine de na scéalaithe traidisiúnta deireanacha in Éirinn is ea Bab Feiritéar ó Bhaile na hAbha i nDún Chaoin, Contae Chiarraí. Mheabhraigh sí riar maith dá stór scéalta óna muintir roimpi a fáisceadh as bráca an Drochshaoil. Dar ndóigh, buaileann Bab a cló féin go healaíonta ar gach insint dá cuid.

Is é atá anseo, den chéad uair, breis is dhá uair an chloig scéaltóireachta de scothscéalta An Bhab, idir ghuth is théacs. Tá raon leathan ábhar sna naoi scéal déag uaithi: seanscéalta iontais, scéalta cráifeacha, finscéalta ar an osnádúr, rannscéalta agus scéalta grinn, agus iad uile inste go beodhúil líofa aici. Tá tuairisc fhéinbheathaisnéiseach léi ann, chomh maith.

Ar deireadh, gheofar réamhrá ginearálta, agus nótaí ós na heagarthóirí ar na scéalta éagsúla mar clár binne orthu! Cuirfidh gach éinne ar spéis leo teanga agus traidisiúin na Gaelainne an-suim sa chnuasach seo.