Trí Glúine Gael
- .5 KGs:
- Leabhar Breac
- Pádraig Ó Miléadha
- 9781913814823
€18.00
Atheagrán bunaithe ar an leagan foilsithe agus ar leagan lámhscríofa an fhile féin, chomh maith le nótaí agus aiste chritice ar an dán le Gearóid Denvir.
Éacht cheannródaíoch chruthaitheach filíochta
Léamh náisiúnaíoch ar stair pholaitiúil agus chultúrtha na hÉireann sa 19ú-20ú haois, agus éacht cheannródaíoch chruthaitheach filíochta, atá sa dán.
Baineann Trí Glúine Gael ó thaobh ábhair, idé-eolaíochta agus cur chuige aeistéitiúil agus fileata leis an gcéad ghlúin de nuafhilíocht na Gaeilge, glúin na hAthbheochana, agus ní bréag ar bith a mhaíomh go bhfuil sé ar cheann de mhóréachtaí cruthaitheacha na glúine sin.
File na hAthbheochana ar maos i dtraidisiún na Gaeltachta
Fear Gaeltachta ab ea Pádraig Ó Mileadha, fear de chuid ré na hAthbheochana, agus é ar maos sa traidisiún liteartha Déiseach as ar fáisceadh é, agus tá a lorg sin ar a shaothar uilig. Tá cáil i bhfad is i gcéin ar a mhóramhrán deoraíochta ‘Sliabh Geal gCua na Féile’, a castar le fonn agus le flosc i gcónaí ina cheantar dúchais.
“Thug sé leis tuiscint do chaint Bhriain Merriman leis an mbainne cíche”
“Chuir sé iontas orm … gur mhair aon scríbhneoir againn i dtús an fhichiú céad, a fhéadfadh seanteanga liteartha na Gaeilge, a bhí á forbairt ag filí le míle bliain roimhe sin, a úsáid chomh héifeachtach is chomh healaíonta sin chun riachtanaisí a aigne is a linne féin a chur in iúl…. Ba dhóigh leat air gur thug sé leis tuiscint do chaint Dhonnchadh Rua nó Bhriain Merriman leis an mbainne cíche agus gurb í a labhair sé lena chomharsana.” — Seán Ó Tuama
An fear eagair, Gearóid Denvir
Ollamh Bunaithe le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ar a shaothar tá: Aistí Phádraic Uí Chonaire (1978), Cadhan Aonair (1987), An Dúil is Dual (1991), Amhráin Choilm de Bhailís (1996), agus An Peann is a bhfuil ann (2021). Chuir sé eagar cheana ar Duanta Aneas Phádraig Uí Mhiléadha, (1977).



