Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Leabhair ar athláimh / dara láimhe

An mbíonn leabhair athláimhe ag An Siopa Leabhar?

Ó thús 2020 tá An Siopa Leabhar ag plé le leabhair athláimhe / leabhair dara láimhe. Cuirimid sampla dóibh sin thuas i rannóg na leabhar athláimhe ar an suíomh seo agus tá rannóg athláimhe ag cúl an tSiopa freisin.

Ní bhíonn forluí idir an dá rannóg sin: aon rud a fheictear sa siopa, níl sé ar díol ar an suíomh; aon rud a fheictear ar an suíomh, níl sé amuigh ar sheilf sa siopa. Ligeann seo dúinn a chinntiú nach ‘ndíoltar’ an rud céanna faoi dhó. Nílimid ag iarraidh díomá a chur ar dhaoine!

An bhfuil An Siopa Leabhar ag glacadh le leabhair ó dhaoine aonair faoi láthair?

Tá. Féach an treoir thíos.

Treoir maidir le leabhair a phlé linn agus a thabhairt dúinn:

  • Iarrtar ort cur síos a dhéanamh ar a bhfuil agat (e.g. cé mhéid leabhar, an riocht ina bhfuil siad, an bhfuil éagsúlacht teangacha ann). Má tá liosta ag duine, is é is fearr é.
  • Iarrtar ort íomhánna a chur ar fáil dúinn den ábhar.
  • Ní ghlacfar le saothair ródhamáistithe; seans nach nglacfar le saothair gan chlúdach, le leathanaigh ag titim as a chéile, nó go háirithe má bhíonn múscán beo ann. 
  • Tabharfar creidmheas don siopa don té a thabharfaidh leabhair dúinn. Bunráta seasta 50c an leabhar do leabhair Ghaeilge. D’fhéadfadh an ráta dul in airde, leabhar ar leabhar, bunaithe ar cháil, riocht, agus uathúlacht an ábhair. Bí i dteagmháil linn.
  • Tabharfar an creidmheas ar chárta dearbháin don siopa, cárta is féidir a úsáid sa siopa, thar an bhfón nó thar an rphost. Ní féidir an creidmheas a chaitheamh ar orduithe a dhéantar ar siopaleabhar.com. (Is annamh a thabharfar airgead tirim seachas creidmheas ach is fearr labhairt linn faoi. Má tá cnuasach mór [breis is 100 leabhar] agat agus mura bhfuil tú ag iarraidh an creidmheas, seans gur féidir linn teacht ar shocrú eile. Bí i dteagmháil linn!
  • Ní thabharfar creidmheas i gcoinne leabhair i mBéarla nach bhfuil bainteach go sonrach leis an nGaeilge nó le stair/cultúr na hÉireann. Tá neart siopaí eile a ghlacann le leabhair Bhéarla.
  • Is féidir linn dul chuig daoine i mBaile Átha Cliath le breathnú ar ábhar ar iarratas. Ní féidir linn ábhar mór (breis is ceithre bhosca) a bhailiú faoi láthair.
  • Is féidir linn lipéidí poist a chur ar fáil sa chás go bhfuiltear ag iarraidh breis is 20 leabhar a chur chugainn, a fhad is go mbeifí in ann an t-ábhar a phacáil agus a thabhairt chuig oifig poist.
  • Iarrtar ort teagmháil a dhéanamh linn sula mbuaileann tú isteach chugainn:
    • trí ríomhphost a chur chuig siopa@cnag.ie
    • trí ghlaoch a chur ar an bhfoireann ag 01 478 3814
  • Beidh cead ag An Siopa Leabhar an t-ábhar a dhíol sa siopa, ar an suíomh idirlín siopaleabhar.com nó ag imeachtaí seachtracha taobh amuigh den siopa
  • Is críochnúil an ceannachán a luaithe is atá an creidmheas tugtha don duine; ní bheifear in ann an t-ábhar a fháil ar ais. Beifear ag súil leis go bhféadfadh cuid den ábhar a bheith díolta arís ag An Siopa Leabhar an-tapa i ndiaidh don ábhar teacht isteach. Moltar gan rudaí a thabhairt dúinn mura bhfuiltear réidh le scaoileadh leo,e.g. leabhair a bhfuil luach pearsanta mothúchánta leo.
  • Tá spás teoranta ag An Siopa Leabhar agus d’fhéadfadh tarlúint go mbeidh orainn stopadh ag glacadh le hábhar in amanna.
  • D’fhéadfadh tarlúint go dtiocfaidh athrú ar na treoirlínte seo thuas.