Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Ainm na Saoirse: Gaeilge Dháil Éireann

0.35 KG:

Coiscéim

Aindrias Ó Cathasaigh

6660012190546

Praghas

10.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Buaiteoir: Leabhar Taighde na Bliana ACIS, 2020.
Is leabhar luachmhar, tábhachtach an saothar seo a dhéanann dlúth-iniúchadh agus mion-scrúdú ar áit agus ar stadas na teanga Gaeilge i mbunú an stáit. Léiritear conas mar a usáideadh í – mar ornáid; mar chnámh spairne ag Gaeilgeoirí ar nós Piaras Beaslaí agus Sceilg; chun bob a bhualadh ar na Feisirí Éireannacha ag na Cainteanna Réitigh i gcás Lloyd George. Téann an t-údar ar ais chuig na foinsí stairiúla, agus cuireann sé a léamh féin orthu ós ar gcomhair, rud a chuireann go mór lenár dtuiscint ar an tréimhse fré chéile. Tugann se blianta tosaigh an stáit úrnua chun beocht agus déanann sé téarmaíocht na tréimhse, maraon lena hanam, a chíoradh. Tá cothromaíocht an-mhaith sa leabhar idir acadúlacht agus so-léiteacht agus tríd is tríd, leabhar mealltach maoineach atá ann.

Eolas breise

Meáchan 0.35 kg