Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981 (Buaiteoir – Gradam Uí Shuilleabháin 2021)

0.7 KG:

Noel Ó Gallchóir

9780956884411

Praghas

20.00

Leabhar faoi stair Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931 go 1981, curtha le chéile ag Noel Ó Gallchóir.

Tá stoc againn

Cur síos

Buaiteoir – Gradam Uí Shuilleabháin (Leabhar na Bliana) / Oireachtas na Gaeilge 2021.
Tá cuntas saibhir, cuimsitheach sa leabhar ar stair Aisteoirí Ghaoth Dobhair i gcaitheamh na mblianta sin agus tá sé líonta lán de ghrianghraif áille agus d’ailt agus tuairiscí ó thréimhsí éagsúla.
Bhí clú náisiúnta agus idirnáisiúnta ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar feadh blianta fada mar cheann de na compántais drámaíochta ab fhearr sa tír. Sciob siad leo coirn agus duaiseanna ag féilte, feiseanna agus comórtais go leor agus tá sé ráite fúthu gurbh iad an cumann ba mhó a bhain stádas amach do dhrámaíocht na Gaeilge.
‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair a mhuscail grá ionamsa don drámaíocht an chéad lá riamh,’ a dúirt Noel Ó Gallchóir, údar an leabhair, ‘agus tá a fhios agam gurb amhlaidh atá i gcás na slóite eile. Bhí ról iontach tábhachtach ag na hAisteoirí i gcothú, i gcaomhnú agus i saibhriú na dtraidisiún ceoil, amhránaíochta agus drámaíochta i dTír Chonaill. Ach sa mhullach air sin, ní shílim go raibh compántas drámaíochta ar bith sa tír a rinne oiread le gluaiseacht dhrámaíocht na Gaeilge a chur chun cinn ná a bhain caighdeán chomh hard céanna amach sa tréimhse sin.’
Tá insint sa leabhar seo ar stair an chumainn ó 1931 go 1981, ar na drámaí a léirigh siad, na dúshláin a sháraigh siad, na duaiseanna a bhuaigh siad agus na héachtaí eile a rinne siad i gcaitheamh na mblianta sin. Tá léargas le fáil ann fosta ar stair Ghaoth Dobhair san fhichiú haois agus ar na pearsain ba mhó a bhí páirteach sna hAisteoirí ó bunaíodh iad, ina measc, Áine Nic Giolla Bhríde, a bhí ina ceann feadhna agus ina cnámh droma ag an chumann ar feadh bhunús mór an ama sin.

Eolas breise

Meáchan 0.7 kg