Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

An Bhrachlainn Mhór

0.3 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Tomás Ó Flaithearta

9781784441944

Praghas

15.00

Cnuasach gearrscéalta agus giota as úrscéal. Scéalta iad seo a chuireann síos ar thragóidí agus ar ghreann, ar an gcontúirt a ghabhann le saothrú na beatha ón bhfarraige agus ar ghaisciúlacht mhuintir Oileáin Árann.

Cur síos

Scéalta iad seo a chuireann síos ar thragóidí agus ar ghreann, ar an gcontúirt a ghabhann le saothrú na beatha ón bhfarraige agus ar ghaisciúlacht mhuintir Oileáin Árann. Cuireann an t-údar síos go báúil ar chruatan a phobail dhúchais agus ní sheachnaíonn sé cruacheisteanna. Bhí dearcadh cineálta, tuisceanach ag an bhFlaitheartach ar ainmhithe agus ar éanlaith freisin.

Scríbhneoir paiteanta Gaeilge agus Béarla ab ea Tomás Ó Flaithearta (1890-1936) as Inis Mór, ar nós a dheartháir Liam, an scríbhneoir.

Tá an t-eagrán seo in eagar ag Éamon Ó Ciosáin, údar An t-Éireannach 1934-37: páipéar sóisialach Gaeltachta’ (1993), stair an pháipéir nuachta Gaeilge a raibh Tomás Ó Flaithearta páirteach ina bhunú. Tá altanna foilsithe aige ar stair na meán chumarsáide Gaeilge, ar Mháiréad Ní Ghráda agus ar Dhiarmaid Ó Súilleabháin, ar imirce na nGael chun na Fraince agus na Briotáine sa 17ú agus 18ú aois. Cnuasaigh aistriúcháin ar nualitríocht Ghaeilge foilsithe aige as Fraincis agus as Briotáinis, chomh maith le leaganacha Gaeilge de fhilíocht ón mBriotáinis. Ba chomhúdar é le Loeiz Andouard ar Foclóir Gaeilge-Briotáinis (1987).

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg