Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An Chomhcheilg

0.4 KG:

Coiscéim

Mícheál Ó Laoghaire

Praghas

12.50

Catagóir:

Cur síos

Aimsítear corpáin bheirt ógbhean ag bun faille in iargúltacht na Breataine Bige: Éireannach, agus a compánach Francach. Meastar ar dtús gur timpiste thragóideach a bhain dóibh – nó go dtéann an Fiannóglach Diarmuid Ó Buachalla agus Maurice du Valle, gníomhaire de chuid sheirbhís slándála na Fraince, i mbun fiosraithe. Ní fada go nochtaítear comhcheilg dhorcha, comhcheilg a chuirfidh an Eoraip ar fad ar bóiléagar mura féidir stop a chur léi.

Tarraingíonn an scéal seo isteach i gcúinní dorcha sinn, agus is deacair éalú go mbeidh deireadh léite againn. Pearsana cumhachtacha ag tarraingt uisce chun a muilinn féin, cuma cé a bheidh thíos leis.. Fórsaí stáit i dtíortha éagsúla ag tabhairt aghaidh orthu, ach ní fios cén taobh a bhfuil éinne.. Éirim agus misneach atá ag teastáil lena ndúshlán a thabhairt – ach is rudaí iad sin nár theip riamh ar Dhiarmaid Ó Buachalla..

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg