Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An Crith Beo

0.3 KG:

Coiscéim

Oilibhéar Ó Croiligh

Praghas

7.50

Cur síos

Scríbhneoireacht Sheosaimh Mhic Ghrianna.

An tÚdar

Rugadh Oilibhéar Ó Croiligh i ndeisceart Chontae Dhoire in 1940. Fuair sé a mheánscolaíocht i gColáiste Cholm Cille i nDoire, Oirníodh é ina shagart i Má Nuad sa bhliain 1965. Bhí sé ar fhoireann Irisleabhar Mhá Nuad nuair a stiúraigh an Dr. Breandán Ó Doibhlin an iris i dtreo na critice nua. Baineadh úsáid as a thaighde ar Sheosamh Mac Grianna don chéad scannán Gaeilge a rinne an BBC i mBéal Feirste: Dá mBíodh Ruball ar an Éan. Scriobh sé Rún Ardchrosa Éireann (Foilseacháin Ábhair Spioradálta 2010). Bhí sé ar fhoireann Choláiste Loch Súilí, Gleann Bharr, coláiste samhraidh Gaeilge, 6 1965 go 1969. Bhí sé ina stiurthóir ar Fhoilseacháin Veritas 1969-78, agus ina Stiúrthóir ar Institiúid na Cumarsáide 1978-82. Bhí sé ina bhall den Choimisiún um Cheart agus Siocháin nuair a rinne siad iarracht a theacht ar réiteach ar stailc ocrais na Ceise Fada in 1981. Chaith sé tamall ag teagasc, agus rinne sé obair pharóiste i bparóisti Chamais agus na Móirne ar an tSrath Bán, ar an Ard Mór ar imeall Chathair Dhoire, agus i dTamhlacht Uí Chroiligh i gceantar dúchais a mhuintire, roimh theacht chuig Caisleán na Finne i dTír Chonaill.

 

An Leabhar

Bhí spéis ag Oilibhéar O Croiligh i scríbhinni Sheosaimh Mhic Grianna ó bhí sé ar an mheánscoil. Tháinig sé faoi thionchar Nouvelle Critique na Fraince agus é ar fhoireann Irisleabhar Mhá Nuad sna 1960í. Scríobh sé tráchtas iarchéime in Ollscoil Uladh i gCuil Raithin ar Mhac Grianna, agus bronnadh M.Phil, air in 1973. An tráchtas sin atá sa leabhar seo. Pléann sé scéal a bheatha, a smaointe ar thír, ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge, a shaothar cruthaitheach, an Rómánsachas ina scríbhinní, agus stíl Mhic Grianna (iomhánna, friotal agus téamaí). Tá réamhrá nua leis, agus aguisín tábhachtach ina bhfuil staidéar samplach ar scéal an cholmáin in Mo Bhealach Féin, bunaithe ar an ghrinnléitheoireacht.

Deir an Dr. Breandán Ó Doibhlin faoin leabhar: ‘Saibhreas atá ann, ar mhaithe le clú Sheosaimh, a ba cheart a bheith ag dul i bhfeidhm ar phobal na litríochta le fada.’

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg