Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

An Domhan

0.35 KG:

Coiscéim

Gabhán Ó Fachtna

2071473968010

Praghas

12.00

Catagóirí: ,

Cur síos

“Bhí mise ag smaoineamh ar rud eile.” “Cad é?”

“Go bhfuil an t-ádh dearg orainn anseo.”

Sa chnuasach uaillmhianach seo, tréigeann an t-údar cúlsráideanna Bhéal Feirste agus tugann aghaidh ar thíortha an domhain. Baineann na scéalta le daoine agus pobail éagsúla, le saibhreas agus bochtaineacht, le cogadh agus ciníochas. Beireann siad leo muid ó Éirinn go dtí mór-roinn na hEorpa, an Afraic, Meiriceá, agus an tAigéan Indiach: tíortha ata idir ann agus as go minic, guaiseanna na staire, an ama i lathair nó na todhchaí ag bagairt orthu. Tá réiteach ar an anró ar fáil, ach tá sé dúshlánach agus ní éireoidh le gach duine é a chur i gcrích: an domhan a fheiceáil ina iomláine.

Rugadh Gabhán Ó Fachtna i nGlaschú i 1974. Rinne sé staidéar ar Ghearmáinis is Léann na hÉireann i Learpholl, agus bhain sé dochtúireacht amach in Ollscoil na Ríona ar pholasaí teanga i leith Albainis Uladh. Tá trí chnuasach gearrscéalta leis i gcló ag Coiscéim cheana, ceann acu a bhain chéad duais an Oireachtais, chomh maith lena aistriúchán ar scéalta le Guillaume Apollinaire. Tá cónaí air i mBéal Feirste.

Eolas breise

Meáchan 0.35 kg