Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An Fáidh (The Prophet)

0.3 KG:

Evertype

Kahlil Gibran

9781782012498

Praghas

15.95

Cur síos

Leabhar 26 fabhalscéal scríofa mar dhánta próis é An Fáidh le Kahlil Gibran, file agus fealsamh Liobánach-Mheiriceánach. Ba sa bhliain 1923 a foilsíodh ar dtús é agus is é an saothar is iomráití de chuid Gibran é. Aistríodh go breis is 100 teanga é, ceann de na leabhair is mó a aistríodh riamh. Ní raibh sé riamh as cló.
Cuirtear an Fáidh Almustafa in aithne dúinn i dtosach an leabhair. Dosaen bliain atá sé ag feitheamh leis an long a thabharfaidh abhaile é. Sula n-imíonn sé, iarrann cuid d’áitreabhaigh na cathrach Orfalaís air a thuiscint do choincheapa áirithe a roinnt leo den uair dheireanach (“Labhair linn faoi…”). Tugann an Fáidh 26 seanmóir uaidh a bhaineann le buncheisteanna na beatha, is e sin an grá, an pósadh, leanaí, déirc, ithe is ól, obair, áthas is brón, tithe, éadach, díol agus ceannach, coiriúlacht agus pionós, dlíthe, saoirse, réasún agus paisean, pian, féin-eolas, teagasc, cairdeas, caint, am, maith is olc, paidreoireacht, pléisiúr, áilleacht, reiligiún, agus i ndeireadh na dála, an bás. Sa chaibidil dheireanach, tá ceist cad is brí le brí fite fuaite ina bhriathra scoir.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg