An Fáinne le Slabhra
Conradh na Gaeilge
€8.00 – €12.00
Cur síos
Fáinne nua speisialta ar slabhra órga den chéad uair. Líon teoranta ar fáil fad is atá stoc againn.
Bíodh an Fáinne ort an t-am ar fad leis an slabhra nua seo, gan aon ghá é a bhogadh ó chulaith go cóta.
Is Fáinne 15mm é seo gan biorán atá beagáinín níos mó ná an gnáth Fáinne. Tá an mana “Ár dTeanga, Do Rogha” scríofa ar taobh amháin, agus “An Fáinne” ar an dtaobh eile.
Roghanna le déanamh: Tá 2 rogha slabhra ar fáil; Slabhra tanaí óir 20 orlach nó slabhra tiubh óir 24 orlach. Níl aon slabhra airgid ar fáil.
Is féidir Fáinne (óir nó airgid) a roghnú gan biorán freisin, le cur le do rogha slabhra eile.
Tabhair faoi deara, más mian leat Fáinne a fháil le biorán, gur féidir breathnú ar na roghanna ar fad i gCatagóir na bhFáinní.
Eolas breise
Meáchan | N/bh |
---|---|
Stíl | Fáinne Óir (le slabhra órga 20 orlach), Fáinne Óir (le slabhra órga 24 orlach), Fáinne Óir (gan bhiorán, gan slabhra), Fáinne Airgid (le slabhra órga 20 orlach), Fáinne Airgid (le slabhra órga 24 orlach), Fáinne Airgid (gan bhiorán, gan slabhra) |