Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An Guth Baineann

0.35 KG:

LeabhairCOMHAR

Áine Ní Ghlinn

9780957159372

Praghas

12.00

Catagóir:

Cur síos

Leabhar eile sa tsraith Téad na Filíochta de chuid LeabhairCOMHAR is ea An Guth Baineann. Is bailiúchán téamúil é seo ón bhfile aitheanta Áine Ní Ghlinn. Tugtar le chéile dánta dá cuid ar théamaí baineanna mar aon le haiste anailíse ón Dr Liam Mac Amhlaigh.

“An tseanbhean nach bhfuil in ann a guth féin a úsáid nó a aimsiú a thuilleadh, an bhean ar tachtadh a guth agus í ina páiste, an bhean – ar chúis amháin nó ar chúis eile – a bhfuil a guth caillte aici.
Is minic iarracht déanta agam guthanna a shamhlú do na mná seo ar fad.
Is minic iarracht déanta agam guthanna a bhronnadh orthu.
Samhlaím anois, na guthanna seo ar fad ag teacht le chéile in aon ghuth amháin… An Guth Baineann.” — Áine Ní Ghlinn

Eolas breise

Meáchan 0.35 kg