Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

An Hobad (The Hobbit)

.5 KG:

Evertype

J.R.R. Tolkien

Praghas

19.9525.95

An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís / aistriúchán Gaeilge ar The Hobbit, or There and Back Again.

SKU: N/bh Catagóirí: , ,

Cur síos

An Hobad, nó Anonn agus Ar Ais Arís / aistriúchán Gaeilge ar The Hobbit, or There and Back Again.

“I bpoll sa talamh a bhí cónaí ar hobad. Níor pholl gránna, salach, fliuch é, lán le giotaí de phéisteanna agus le boladh láibe. Níor pholl tirim, lom, gainmheach a bhí ann ach an oiread, gan aon rud ann le n-ithe ná le suí síos air; poll hobaid ab ea é agus is ionann sin agus compord.”

Bhí gnaoi an phobail riamh leis an sárscéal fantasaíochta seo faoi hobad darb ainm Biolbó Baigín agus é á sciobadh chun siúil gan choinne ar eachtra fhada in éineacht le Gandalf Draoi agus le trí abhac déag. Is scéal An Hobad faoi thuras a dhéanann Biolbó i gcuideachta na n-abhac le teacht ar thaisce ór a bhfuil dragan i seilbh uirthi. In aghaidh a thola ar dtús a ghlacann Biolbó Baigín páirt sa tóraíocht chontúirteach, mar is hobad gan uaillmhian é, atá an-tugtha do chompord an tsaoil. I ndeireadh na dála, áfach, cuireann sé iontas air féin lena sheiftiúlacht agus lena scil amhail buirgléir. I measc eachtraí eile buaileann Biolbó le troill, le púcaí, le habhaic, le heilbh agus le damháin alla ollmhóra, déanann sé comhrá le Smóg Dragan, agus bíonn sé i láthair go han-drogallach ag Cath na gCúig Arm. Tá Biolbó Baigín le háireamh i measc laochra neamhbhásmhara litríocht na bpáistí.

Eolas breise

Meáchan .5 kg
Clúdach

Bog, Crua