Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An Litir (Tríológ na Litreach – Leabhar 1)

0.3 KG:

Leabhar Breac

Liam Mac Cóil

9781909907423

Praghas

15.00

Catagóir:

Cur síos

GEARRLIOSTA ‘LEABHAR NA BLIANA’ 2012: Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus  Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain – Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.

Seo é an chéad chuid de thriológ a thabharfaidh trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise, agus naimhde brúidiúla sna sála orainn.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg