Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An Lomnochtán

0.35 KG:

Sáirséal Ó Marcaigh

Eoghan Ó Tuairisc

Praghas

10.00

Catagóirí: , ,

Cur síos

Stíl agus saoldearcadh as an ghnách ag roinnt leis an scéal seo. Dearcadh an pháiste go tomhaiste tuisceanach, sruithíní ‘smaointe’ an pháiste – is annamh a dhéanann sé deighilt idir an chuimhne, an mothú, an timpeallacht, an rud atá ag tarlú, agus an t-iomfhios daonna. Níl prós loighiciúil an duine fhásta ina chumas, agus nuair a spreagtar an rith smaointe faoi tá sé beag beann ar phoncaíocht.

Téann an léitheoir i dtaithí ar an aistil gan mórán moille. Is spreagúil an meán scéalaíochta é, beag blas den teibiocht atá ag roinnt leis seo é an Lomnochtán, duine mar a bheadh sé ar scáileán á nochtadh. Tá talamh nua á bhriseadh ag an údar san iarracht seo. Fuair sé leidí ó Tolstoi, Joyce, Commenius, Augustine, Luther agus údair eile nach iad; ach is é is bunús don stil ná a thaithí féin ar dhaltaí scoile, agus na mílte ‘aistí’ dá gcuid a léigh sé agus a ‘cheartaigh’.

Suíomh lártire atá sa Compositio Loci. Dá bhrí sin tá sciar suntasach den Bhéarla agus d’aigne an Bhéarla tríd an Ghaeilge ann. Úsáideann Ó Tuairisc Gaeilge na Galltachta, chun dearcadh na Galltachta a chothú. Dar leis an údar go ndéanfadh sé praiseach den scéal dá gcloifeadh sé leis an teanga chlasaiceach, nó le beotheanga na Gaeltachta.

Eolas breise

Meáchan 0.35 kg