Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An Mine: Sléacht agus Ár i gCois Fharraige

0.5 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Lochlann Ó Tuairisg (eag.)

9781784441647

Praghas

15.00

Catagóir:

Cur síos

Céad bliain go ham seo, ar 15 Meitheamh 1917, agus an Cogadh Mór ina thintreach ar tír agus ar muir, phléasc mianach farraige ar an Trá Shalach sa Lochán Beag, baile beag cúig mhíle dhéag siar ó bhaile mór na Gaillimhe. Nuair a thit an gaineamh agus an duirling, ar ais go talamh agus nuair a scaip an deatach ar an gcladach, bhí naonúr, idir fhir phósta agus bhuachaillí óga, marbh. Dhá bhliain le cois an leathchéid a bhí an té ba shine acu agus seachtar clainne air; ní raibh na cúig bliana déag bainte amach ag an duine ab óige. Tragóid é seo ar dearnadh tuairisciú air chomh fada ó bhaile le Ceanada agus an Nua-Shéalainn. Agus muid ag déanamh comóradh ar tubaiste i mbliana, is mithid féachaint an athuair ar an eachtra seo nuair a thug toirtín bréige ón gCogadh Mór cuairt mharfach ar chósta Chois Fharraige.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg