Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An Nollaig Thiar

0.2 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Breandán Ó hEithir

9781784441517

Praghas

10.00

Cur síos

Feiliúnach do léitheoirí óga (Ranganna 5 & 6) chomh maith le déagóirí agus léitheoirí fásta. 

Eagrán nua de thuairisc cháiliúil Bhreandán Uí Éithir ar a óige ar Inis Mór in Árainn. 

Turas chuig campa géibheann san Oir-Ghearmáin tráth a raibh an Cogadh Fuar faoi lán seoil, creid é nó ná creid, a spreag Breandán Ó hEithir chun dul siar ar bhóithrín na smaoine agus an Nollaig mar a bhí in Árainn a óige a thabhairt chun cuimhne.

Cur síos ar shaol an oileáin chomh maith le cuimhní cinn atá sa leabhar gleoite seo, ina gcíortar an chaoi a gcaití an Nollaig ann chomh maith le míle ní eile a bhain le saol agus slí mhaireachtála an oileáin fré chéile. Nósanna, traidisiúin agus daoine atá imithe go deo anois, agus mar a deir an t-údar i líne dheireanach an leabhair, “Ní bheidh an Nollaig thiar go deo arís mar a bhíodh.”

Cuireann Breandán Ó hEithir síos ar an gcaoi a gcaití an Nollaig in Árainn sna blianta roimh an Dara Cogadh Domhanda agus lena linn. Foilsíodh an leabhar seo den chéad uair sa bhliain 1989 agus tá athchló déanta ag Cló Iar-Chonnacht ar théacs an bhunleagain agus é curtha faoi chlúdach nua. Tá ealaín leis an ealaíontóir Cyril Ó Flaithearta, ealaíontóir as Inis Mór, atá ar an gclúdach.

“Is mar leabhar do pháistí a cuireadh An Nollaig Thiar ar an margadh agus díoladh suas le sé mhíle cóip di. Is deas an leabhar é do shean agus óg agus is álainn an píosa scríbhneoireachta í.” – Liam Mac Con Iomaire, Breandán ó hEithir: Iomramh Aonair

Is leabhar álainn é seo inar thug Ó hEithir súil isteach ar an saol a bhí aige fhéin agus é ag fás aníos ina bhuachall óg ar Inis Mór. Rugadh é sa bhliain 1930 agus tugtar léargas sa leabhar seo ar an saol mar a bhí sa chéad leath den chéad seo caite.

Bhí athrú as cuimse ón uair a bhí Ó hEithir ina bhuachaill óg tagtha ar an saol faoin am gur foilsíodh an leabhar seo den chéad uair in 1989 agus is iomaí athrú eile fós atá tagtha ar an saol sna 27 bliain ó shin.

Is i stíl nádúrtha, taitneamhach, sholéite a scríobh Ó hEithir An Nollaig Thiar agus tá beocht agus fuinneamh san insint atá aige ar a óige.

Eolas breise

Meáchan 0.2 kg