Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An Óige agus an Athbheochan – Ainmnithe – Gradam Uí Shúilleabháin 2023

.8 KG:

Cló Léann na Gaeilge

Ríona Nic Congáil

9781919601359

Praghas

25.00

Catagóirí: , ,

Cur síos

Buaiteoir – Leabhar Taighde ACIS na bliana 2022

Is é An Óige agus an Athbheochan an chéad mhonagraf a dhíríonn ar an gcaidreamh idir an óige agus stair na Gaeilge. I rith thréimhse na hAthbheochana tháinig daoine fásta ar an tuiscint go raibh slánú na Gaeilge ag brath ar an aos óg, agus thapaigh siad an deis an t-aos óg a mhealladh i dtreo na teanga. Cuireadh cumainn drámaíochta agus spóirt ar bun; foilsíodh colúin i nuachtáin agus litríocht don aos óg; tháinig feiseanna ar an bhfód agus cuireadh tús leis an nós an t-aos óg a sheoladh chuig coláistí samhraidh sa Ghaeltacht. Ba mhór an bhearna idir eispéireas an aosa óig sna ceantair uirbeacha agus sna ceantair Ghaeltachta, áfach, agus tugtar léargas úr sa leabhar seo ar an gcaoi a ndeachaigh gluaiseacht na hAthbheochana i bhfeidhm orthu araon. Déanann an leabhar seo mionscrúdú ar iarrachtaí lucht na hAthbheochana chun an t-aos óg a earcú agus a chur ag obair ar son na Gaeilge.

Bronnadh duais ar an saothar seo i gComórtas Liteartha an Oireachtais 2021.

Eolas breise

Meáchan .8 kg