Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An Seachtar Stuama: Eachtra an Mhilseáin

0.2 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Enid Blyton

9781784441548

Praghas

7.00

Cur síos

Aistriúchán go Gaeilge den tsraith The Secret Seven le hEnid Blyton. Tá sé leabhar i  sraith An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.

Is iad an deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre an Seachtar Stuama (The Secret Seven) sna leaganacha Gaeilge. Le chéile is iadsan an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.

Sa leabhar seo, Eachtra an Mhilseáin, téann an Seachtar ag breathnú ar na réalta thrí theileascóp, ach ní fada go n-éiríonn siad tuirseach dhe. B’fhearr leo breathnú síos faoin mbaile áit a bhfeiceann siad duine ag lasadh coca féir! An éireoidh leis an Seachtar an cró a shábháil. Ach cé atá ag lasadh tinte? Is í Máirín Ní Ghadhra a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge.

Eolas breise

Meáchan 0.2 kg