Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

An tEitleán Dofheicthe / Réics Carló – Uimhir a Dó 2

0.2 KG:

An Gúm

Cathal Ó Sándair

9781857919837

Praghas

9.00

Cur síos

‘Táimid chun Éire a smachtú le cabhair an Eitleáin Dhofheicthe ó Thigh Mhóire go Domhnach Daoi. Déanfaimid Banc na hÉireann, Dáil Éireann, Ardoifig an Phoist agus áiteanna eile a shéideadh san aer le pléascáin. Millfimid bealaí taistil na príomhchathrach. Stopfaimid an gléas rialtais go léir. Beidh an tír uile bunoscionn.’

Tamall beag i ndiaidh meán oíche ar an 1 Feabhra 1943, déantar ionsaí fíochmhar, barbartha ar iompróir míleata agus é ar a bhealach go saotharlann rúnda i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Maraítear na saighdiúirí uile atá á thionlacan agus goidtear an lastas ríluachmhar atá istigh ann, an tEitleán Dofheicthe. Déanann na Gardaí mionscrúdú ar láthair an áir, ach níl ach fear amháin a bheidh in ann an cás casta seo a réiteach agus pleananna na gcoirpeach a chur de dhroim seoil: Réics Carló, lorgaire príobháideach.

Tá Réics, Brian agus a gcairde ar ais sa scéal eachtrúil seo ó pheann Chathail Uí Shándair, an dara húrscéal ina shraith faoin lorgaire clúiteach as Baile Átha Cliath. Tá an t-eagrán nua seo curtha in oiriúint do léitheoirí óga an lae inniu.

Éist leis an gclosleagan thíos:

Eolas breise

Meáchan 0.2 kg