Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An Tríú Scór

0.25 KG:

Coiscéim

Pádraig Ó Snodaigh

6660012220250

Praghas

8.00

Catagóirí: ,

Cur síos

…Mar is eol dúinn, éilíonn fíricí na healaíne focail eile thar fhíricí na staire go minic, agus nach é an trua an ró-bhéimniú ar dhírbheathaisnéis a léamh i línte údair? (Nó i gceol cumadóra, i ndathanna péintéara-cé go mbíonn sé níos éasca focail a lúbadh i dtreo an bheathaisnéisithe, má tá a leithéid d’fhocal ann.) Más beathaisnéis atá iontu, agus is ea ar bhealach amháin, nílid inaimsithe le gnáth-shlatanna tomhais na staire, agus go bunúsach, sílim nach fiú don chuid is mó dul ar an chonair sin ‘léitheoireachta’ ar shaothar ealaine. Saghas voyeurisme áilíosach a bhíonn i gceist ró-mhinic…

… Ní léir dom go bhfuil baint dá laghad ag na ‘fíricí’ sin le haon léamh ar na scéalta. Cur amú ama, im’ thuairim, a leithéid de léirmheastóireacht—chomh mór amú is a bhíonn acusan atá tugtha do ‘forbairt’ an fhile ó leabhar go leabhar, iad ag glacadh dátaí foilsithe i leabhar mar dháta cumtha an tsaothair. Táim ag cur racht díom faoi seo: maith dhom…

Rugadh Pádraig Ó Snodaigh gCeatharlach i 1935. Tar éis a bheith ina theachtaire gcomhlacht árachais agus ansin ina oifigeach cléireachais le Bord Soláthair an Leictreachais, chaith sé breis is scór bliain ina leas-choimeádaí in Ardmhúsaem na hÉireann. Is fada aithne air mar staraí, file is foilsitheoir. Leanann an scór seo de Scórscéalta agus Scór Eile.

Eolas breise

Meáchan 0.25 kg