Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc

0.7 KG:

Cois Life

Tadhg Ó hIfearnáin

9781907494253

Praghas

20.00

Catagóir:

Cur síos

Sraith alt cuimsitheach ó pheann 14 údar ar ghnéithe éagsúla den tsochtheangeolaíocht. Bainfidh scoláirí bunaithe agus mic léinn úra araon taitneamh agus tairbhe as an saothar ildánach seo.

Téacs ilúdar é seo, ina bpléitear príomhghnéithe na sochtheangeolaíochta, agus suíomh na Gaeilge sa chomhthéacs idirnáisiúnta sin léinn. Téann na téacsanna i ngleic leis an mbunábhar teoiriciúil agus leis an taobh feidhmiúil sa réimse: an éagsúlacht, na pobail urlabhra, an antraipeolaíocht teanga, an t-ilteangachas, malartú teanga, códmheascadh agus criólú, coincheapa na pleanála teanga, caighdeán agus caighdeánú, stádas reachtúil na Gaeilge sa tír, an Ghaeilge sa chóras oideachais, sainiú na Gaeltachta, ceist na féiniúlachta agus an dearcadh náisiúnta, na meáin agus na heagrais teanga. Tá sé úsáideach do mhic léinn bunchéime agus iarchéime.

Ar na húdair tá: Tadhg Ó hIfearnáin, Máire Ní Neachtain, Máirtín Ó Murchú, Brian Ó Curnáin, Steve Coleman, Conchúr Ó Giollagáin, Brian Ó Catháin, Siobhán Ní Laoire, Helena Ní Ghearáin, Pádraig Ó Laighin, Muiris Ó Laoire, John Walsh, Pádraig Ó Riagáin, Peadar Ó Flatharta agus Iarfhlaith Watson.

Eolas breise

Meáchan 0.7 kg