Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Anam na Teanga

0.5 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Seán Mac Labhraí

9781909367647

Praghas

15.00

Catagóirí: ,

Cur síos

‘Is í an litríocht anam na teanga,’ a scríobh Seosamh Mac Grianna, agus sa leabhar seo tá dhá cheann déag de na gearrscéalta is anamúla agus is bíogúla dár scríobhadh sa Ghaeilge riamh.

Tá na mór-údair ann – Liam Ó Flaithearta, Pádraic Ó Conaire, Pádraig Mac Piarais – agus údair nach bhfuil an aithne chéanna orthu, b’fhéidir – Peigí Rose, Fionntán de Brún, Annraoi Ó Liatháin.

Meascán den sean agus den nua, den traidisiún agus den nuálaíocht, den tallan, den chruthaitheacht agus den chumas atá sa chnuasach seo a chuirfidh iontas ar dhaoine, a spreagfaidh caint ina measc agus, b’fhéidir, a tharraingeoidh raic eatarthu.

Sa leabhar freisin tá cabhair ar fáil do na léitheoirí siúd nár mhiste leo faobhar a chur ar a scian chriticiúil leis na nótaí cuimsitheacha atá curtha i dtoll a chéile ag an bhfear eagair.

Gearrscéalta sa Leabhar:

  • An Beo – Liam Ó Flaithearta
  • Dúil – Liam Ó Flaithearta
  • An Cumann – Peigí Rose
  • Ná hInis Brionglóidí na hAoine don tSatharn Choíche – Peigí Rose
  • Nóra Mharcais Bhig – Pádraic Ó Conaire
  • Anam an Easpaig – Pádraic Ó Conaire
  • An Gadaí – Páraig Mac Piarais
  • Athair – Micheál Ó Conghaile
  • Codladh an Mháistir – Seosamh Mac Grianna
  • Mánus Ó Súileachán – Séamus Ó Grianna
  • Na Déithe Bréige – Fiontán de Brún
  • An Rud nach mBíonn Agam – Annraoi Ó Liatháin

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg