Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Anamlón Bliana ó Dhialanna an Ríordánaigh (Buaiteoir – Gradam Uí Shúilleabháin 2014)

0.8 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Tadhg Ó Dúshláine

Praghas

20.00

Cur síos

Ar feadh beagnach dhá scór bliain, aimsir thinnis agus aimsir théarnaimh, cuid lárnach de shaol inmheánach Sheáin Uí Ríordáin ab ea a dhialann.

Iarracht atá sa deascán díolamtha seo óna dhialanna ar éachtaint a thabhairt ar aigne chéasta an fhile ar bhonn leanúnach ó thosaigh sé amach air sa bhliain 1940, go dtí an bhliain ar cailleadh é, 1977. Blaiseadh beag de bheatha na dialainne iomláine é, mar sin, tiomsaithe in aon bhliainfhéilire amháin, 365 iontráil, ceann in aghaidh an lae.

Fear mór líníochtaí, caracatúr agus pictiúr ab ea an Ríordánach, leis, agus cuid lárnach den imleabhar seo is ea na líníochtaí seo.

Eolas breise

Meáchan 0.8 kg