Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Árasán

0.4 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Ógie Ó Céilleachair

9781784442279

Praghas

10.00

Cur síos

Ceathrar mac léinn sa chéad bhliain agus iad lonnaithe le chéile san aon árasán amháin in Ionad Cónaithe na Gaeilge san ollscoil. Darach, Jeaiceo, Céit agus Niamh. Níl aon phlean ag Darach agus é ag tosú amach ar shaol na hollscoile. Tá sé ann ar mhaithe le heispéaras an scoláire a bhlaiseadh agus nochtar talann ann, talann a fhorbraíonn sé i rith na bliana. Fear seóigh é Jeaico. Níl ach dhá shuim aige sa saol, peil agus mná. Tá sé ag súil le háit a bhaint amach ar foireann na hollscoile agus foireann a chontae dúchais ach cuirtear bacanna saol na hollscoile ós a chomhair. Is bean óg stuama í Céit atá níos aibí ná na háitritheoirí eile. Tá sí stuama ach ceanndána ag an am céanna. Eascraíonn Niamh ón rachmas. Ní raibh uirthi streachailt leis an saol riamh ach, anois, beidh uirthi aghaidh a thabhairt ar an saol as baile.

Tá siad go léir ag tosú amach ar a n-aistear féin i dtreo saol an duine fásta ach iad le chéile á dhéanamh ag an am céanna. Castar suáilcí agus duáilcí bheatha an scoláire orthu i rith na bliana acadúla. Saol na hoíche, an t-ól agus an ragairne, cumainn, clubanna, Réalachas na foghlama neamhspleáí ar an tríú leibhéal, caidreamh collaí, airgead agus easpa airgid, dúshlán caidrimh. Conas a éireoidh leo?

Aois léitheora: 16+

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg