Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Asarlaí Iontach Oz (The Wizard of Oz)

0.7 KG:

Evertype

L. Frank Baum, Colin Parmar

9781782012047

Praghas

39.95

Catagóir:

Cur síos

Is scéal Asarlaí Iontach Oz le L. Frank Baum faoi chailín beag darb ainm Dorataí a sciobann cuaranfa in éineacht lena madra beag Tótó í ó Khansas chuig tír álainn aduain Oz. Nuair atá sí ann socraíonn sí cuairt a thabhairt ar Chathair na Smaragaidí chun go n-iarrfaidh sí ar Oz Asarlaí, rialóir na tíre, í a chur abhaile arís. Castar uirthi agus í ar an mbealach Babhdán atá ag lorg inchinne; Coillteoir Stáin a bhfuil croí ag teastáil uaidh agus Leon meata nach bhfuil dada uaidh ach crógacht. Cé go mbuaileann an grúpa beag le mórán contúirtí agus eachtraí iontacha, éiríonn leo Cathair na Smaragaidí a shroicheadh go slán sábháilte, ach má éiríonn is de bharr intleacht an Bhabhdán, cineáltacht an Choillteora agus sárchrógacht an Leoin é. Ba é an leabhar seo ab inspioráid do scannán cáiliúil na bliana 1939, cé nach mar a chéile go díreach an leabhar féin agus an scannán!

Tá bunmhaisiúcháin William Wallace Denslow le feiceáil san aistriúchán lándaite sómasach seo ar ó chóipeanna den chéad eagrán Béarla a scanadh iad. Tá 24 phláta daite agus 150 maisiúchán téacsa sa leabhar agus nuair ba ghá cuireadh in oiriúint don aistriúchán Gaeilge iad. Tá clóchur an leabhair ar aon dul le leagan amach an chéad eagráin Bhéarla ach go bhfuil roinnt feabhsúchán déanta air sin in áiteanna ar mhaithe le léitheoirí an lae inniu.

Eolas breise

Meáchan 0.7 kg