Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Athdhíolaim d’Abairtí Dúchasacha

0.3 KG:

An Gúm

Maolmhaodhóg

9781857917758

Praghas

8.50

Cur síos

An féidir míniúchán beacht a thabhairt ar an gcumas atá ionainn na rudaí a chloisimid agus a léimid a thuiscint? An féidir an cumas sin a leathnú agus a fhorbairt? Bíodh is nach mór a bheith eolach ar stór focal agus ar ghramadach teanga, ní leor an méid sin. Bíonn tuiscint ar na gnásanna sóisialta atá intuigthe sa teanga de dhíth freisin.

Is cuid dhílis de na gnásanna sin na habairtí dúchasacha nó an teanga mheafarach. Féachtar sa bhailiúchán seo d’abairtí meafaracha agus samhlaoideacha as Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill le léargas nua ar an teanga mheafarach sin sa Ghaeilge a thabhairt don léitheoir. Faoi cheannfhocail Bhéarla atá na habairtí agus na nathanna rangaithe, i dtreo is go dtig le scríbhneoirí agus aistritheoirí araon teacht ar a bhfuil uathu go furasta.

Eolas breise

Meáchan 0.3 kg