Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Bádh B’fhéidir (Ainmnithe – Gearrliosta Ghradam Leabhar na Bliana An Post 2022)

0.4 KG:

Éabhlóid

Seán Ó Muireagáin

9781914482014

Praghas

14.00

Catagóirí: ,

Cur síos

Cuireann Ó Muireagáin saolta osréalacha os ár gcomhair sna scéalta
samhlaíoch seo, saolta diostóipeacha, saolta barbartha, saolta a mbíonn an
fhírinne á cheistiú iontu agus a mbíonn rian maith den fhíorshaol le sonrú iontu i
gcónaí. Scamhann sé siar na scaireanna chun go bhfeice muid faoin chlúdach
bréige, ag nochtadh míchothromaíocht an tsaoil seo ina mairimid.
Bhuaidh an scéal “An Chóir Chodlata” duais An Mhaolánaigh i gcomórtas
litríocht an Oireachtais 2018.
Scéal samhlaíoch dea-scríofa a bheireas ar shamhlaíocht an léitheora ón gcéad
abairt – Moltóir Oireachtais ag tagairt don Chóir Chodlata.

Is as Uachtar Cluanaí i mBéal Feirste do Sheán Ó Muireagáin. Is scríbhneoir
filíochta, amhrán agus gearrscéalta é. Tá 35 bliain caite aige ag obair in earnáil
an Ghaeloideachais sna Sé Chontae, mar ghníomhaí, mar mhúinteoir naíscoile
agus bunscoile agus, le 20 bliain anuas, mar Oifigeach Comhairleach.

D’fhoilsigh Éabhlóid a chéad chnuasach gearrscéalta Gáire in Éag in 2018.

Eolas breise

Meáchan 0.4 kg