Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Báire na Fola – Úrscéal le Séamus Ó Grianna

0.5 KG:

Arlen House

Séamus Ó Grianna

Praghas

15.00

Cur síos

Is beag duine i dTír Chonaill fiú amháin sa lá atá inniu ann nár mhothaigh trácht ar Phádraig Mhicheáil Airt as Gaoth Dobhair a crochadh thall i Londain sa bhliain 1883. Daoradh chun báis é siocair gur mharaigh sé James Carey, an spíodóir ba chiontach le breith bháis ar bhaill de na hinvincibles a raibh baint acu leis na Phoenix Park Murders.

Seo againn úrscéal le Séamus Ó Grianna (údar ‘Caisleáin Óir’, ‘Cioth is Dealán’) ag díriú ar an tréimhse chorrach spéisiúil seo i stair na hÉireann. Nuacht mhór atá sa tsaothar chéanna ó tharla nach raibh a fhios go cinnte go raibh a leithéid ann go dtí 2021, gí go gcreidtear gur scríobhadh é chóir a bheith ceithre scór bliain ó shin.

Tá Báire na Fola i gcló anseo ag Arlen House den chéad uair anois. Fáiltimid roimhe. In eagar an Nollaig Mac Congáil.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg