Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Béal na Péiste – Ainmnithe – Gradam An Post do Leabhar na Bliana 2023

.5 KG:

Cló Iar-Chonnacht

Fionntán de Brún

Praghas

15.00

Cur síos

Nuair a thuirlingíonn eitilt Réamainn Prút i mBéal Feirste in 1988, tá sé ag filleadh ar a bhaile dúchais ina strainséir.

Cuireann sé sonrú sna fógraí móra a fheiceann sé d’uimhir fóin rúnda na bpéas, seirbhís lena dtig sceitheadh ar lucht sceimhlitheoireachta agus ualach a bhaint de do choinsias. Ach tá Réamann ag cuimhneamh ar a óige agus ar an deilín a bhíodh ag na seanmóirithe sráide tráth:

Come listen to my tale of Jonah and the whale;

Way down in the middle of the ocean!

Cuimhníonn sé fosta ar oíche chinniúnach i mí na Nollag 1942. An oíche ar léim sé amach as eitleán Gearmánach ar chósta Chontae an Dúin go ndearna a bhealach go dtí teach a thuismitheoirí tríd an dúdhorchadas.

Bhuaigh an saothar seo duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2022.

Bhuaigh an saothar seo Gradam Uí Shuilleabháin 2023.

Ainmnithe – Gradam An Post do Leabhar na Bliana 2023

Eolas breise

Meáchan .5 kg