Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Bealach na Spáinneach (Tríológ na Litreach – Leabhar 3)

0.5 KG:

Leabhar Breac

Liam Mac Cóil

9781909907713

Praghas

15.00

Catagóir:

Cur síos

In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóirí an namhad ar a thóir.

“Tar éis a ndeachaigh Lúcás tríd d’achrann, de throid, de mharú, d’fhuil, is d’imní ó cuireadh an litir isteach ina láimh an chéad uair, shílfeá gur duine difriúil é faoin am seo seachas mar a bhí nuair a bhí sé ina dhalta óg tallannach neamhthuairimeach sa Choláiste i nGaillimh. Agus ba ea. Bhí sé beagán níos stuama, nó ag iarraidh a bheith. Bhí sé ag iarraidh a bheith níos faichillí. Bhí sé ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar an Ard-Easpag ar bhonn cothrom. Ach ba é an Lúcás céanna i gcónaí é, ag breith ar chúrsaí mar a casadh ina threo iad, ag déanamh an chuid is fearr de gach uile uain.”

Seo é an tríú leabhar, agus an leabhar deireanach, i sraith úrscéalta suite in Éirinn agus ar Mhór-Roinn na hEorpa sna blianta corraitheacha sin tar éis Imeacht na hIarlaí.

Eolas breise

Meáchan 0.5 kg