Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Beocht na Beatha – Corpoideachas na Sraithe Sóisearaí

0.8 KG:

Folens

9781789277951

Praghas

17.75

Cur síos

Faoi choimirce COGG, tá an leabhar Beocht na Beatha ar fáil – aistriúchán ardchaighdeáin ar an leabhar, Active for Life. Tá Beocht na Beatha an-oiriúnach do scoláirí na Sraithe Sóisearaí.

Is áis teagaisc den scoth é Beocht na Beatha do mhúinteoirí corpoideachais an lae inniu. Ceathrar saineolaithe ar an gcorpoideachas, Fergal Lyons, Sarahjane Belton, Nicola Crean agus Ivan O’Mahony, a chruthaigh é. Tá tuiscint dhomhain acu uile ar churaclam Chorpoideachas na Sraithe Sóisearaí agus tá an cúrsa seo cruthaithe acu le freastal ar riachtanais mhúinteoirí.

Ag teacht le sonraíocht na Sraithe Sóisearaí nua, mapáiltear na measúnuithe uile in Beocht na Beatha trí Ráitis Foghlama na Folláine agus Príomhscileanna Chreatlach na Sraithe Sóisearaí.

Beidh scoláirí, a úsáideann Beocht na Beatha, ábalta a gcuid gnóthachtálacha thar thréimhse na Sraithe Sóisearaí a thaifeadadh agus a choimeád le chéile. Comhlánaíonn an scoláire féin an leabhar saothair cuimsitheach seo. Moltar bealaí, i ngach caibidil, chun féinmheasúnú, piarmheasúnú agus measúnú mar ghrúpa a dhéanamh.

Eolas breise

Meáchan 0.8 kg