Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Bhíodar Aréir Ann

0.15 KG:

Coiscéim

Clíodna Cussen

Praghas

7.50

Catagóir:

Cur síos

I gCo. Luimnigh, ar imeall Cho. Chiarraí, atá Ráth
Chathail mar a bhfuil an t-úrscéal seo lonnaithe. Scéal stairiúil é a cheanglaíonn saol eachtraí clainne le himeachtaí móra i saol corraithe an cheantair ag tús an naoú céad déag.

Tosnaíonn an scéal leis an rachmas a tháinig leis
an gcogadh idir Shasana agus fórsaí Napoleon ag tús
an chéid sin. Féachtar ar eachtraí na clainne tríd an nganntanas a lean deireadh an chogaidh, cogadh a chríochnaigh ag an tráth céanna le héirí amach Captaein Rock agus le tús ré Dhónaill Uí Chonaill.

Feictear an saol suaite baolach úd trí shúile géara
na hógmhná, í ag tógáil clainne sa cheantar úd ar
imeall Shliabh Luachra. Is tríd an tsúil ghéar chéanna
a fhaighimid léargas ar an achrann idir an gníomhaire
nua, duine gránna darbh ainm Alexander Hoskins, agus pobal na háite.
Scríobhann Cliodna le tuiscint mar tógadh in Iarthar
Luimnigh í agus tá atmaisféar and tréimhse tógtha go
seoigh aici.

Eolas breise

Meáchan 0.15 kg