Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Bithiúnaigh

0.2 KG:

Leabhar Breac

Peadar Ó Cualáin

9780898332711

Praghas

9.00

Cur síos

Úrscéal fantaisíochta do léitheoirí óga i dtús na ndéaga.
Ghnóthaigh an t-úrsceal seo an Chéad Duais i gComórtas an Oireachtais 2007
Beirt an-éagsúil iad an Lorgaire agus Mac Giolla Mór. Cé gur fearín beag atá sa Lorgaire, dar leis féin is lorgaire mór é sin duine a théann ar lorg rudaímóra. Maidir le Mac Giolla Mór, measann an Lorgaire go ndéanfadh sé cúntóir breá – d’fhéadfadh sé glas ar dhoras a bhriseadh dó, málaí troma a iompar, nó scanradh a chur ar bhithiúnaigh, fiú.
Ach anois, agus an tír faoi bhagairt ag dragan fíochmhar ón Tuaisceart, níl ag déanamh imní do Mhac Giolla Mór ach a bholg. Ní hamháin go gcaithfidhan Lorgaire a chompánach ocrach a mhealladh le dul ar lorg an dragain, ach caith?dh siad aghaidh a thabhairt ar bhithiúnaigh den uile chineál agus, ansin, an dragan mór mílteach seo a dhíbirt as an tír. Cé a dúirt go mbeadh sé éasca!!

Eolas breise

Meáchan 0.2 kg