Skip to content

Briseann an Dúchas (CD le Liam Ó Ceallaigh)

0.25 KG:

Liam Ó Ceallaigh

Liam Ó Ceallaigh

Praghas

15.00

Tá stoc againn

Cur síos

Níl Liam Ó Ceallaigh ach trí bliana déag d’aois ach tá a chéad albam ar an sean-nós eisithe aige cheana féin. Briseann an dúchas an t-ainm atá ar an albam agus tá 13 traic den chéad scoth le cloisteáil air, ina measc amhráin áille ar nós ‘Casadh an tSúgáin’, ‘Eileanór na Rún’ agus ‘Neainsín Bhán’.

“Thosaigh muid ag déanamh réiteach dó san earrach anuraidh,” a deir Liam. “Chleachtaigh muid na hamhráin le tionlacain le hÚna, an cláirseoir, a bhí tar éis bogadh go hInis Meáin, ansin d’oibrigh muid amach na rudaí beaga a bhí ag teastáil i dtáirgeadh an albaim.” Is sa samhradh a rinneadh an taifeadadh féin sa Black Gate Cultural Centre i nGaillimh. Rinne Crystal Media i mBaile Átha Cliath na dlúthdhioscaí sa deireadh.

Léigh an t-alt iomlán ar Tuairisc.ie

Eolas breise

Meáchan 0.25 kg