Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Caint agus Comhrá: 80 Role-plays for GCSE Irish

Iarradh ar Míle Fáilte* bailiúchán rólimirtí a chur ar fáil do mhic léinn atá ag déanamh réidh don GCSE siocair go bhfuil na rólimirtí arís ina gcuid thábhachtach den scrúdú.  Síleadh nach raibh go leor ábhar cleachtaidh ar fáil ar an ghné seo den scrúdú agus go mbeadh bailiúchán mar seo úsáideach ag múinteoirí agus ag daltaí araon.

Rinneadh iarracht a chinntiú ón chomhairle a fuarthas go mbeadh na rólimirtí ag teacht le riachtanais an tsiollabais.  Déantar freastal ar réimse leathan ábhar agus iad céimnithe oiread agus is féidir in ord deacrachta.  Tá 16 thopaic clúdaithe sna rólimirtí thar na trí comhthéacsanna foghlama agus tá cúig thasc le déanamh in achan rólimirt.  Beidh na ceisteanna le feiceáil ag na daltaí cé nach mar sin a bheas sa scrúdú.  Síleadh nár dhochar do na daltaí na ceisteanna a fheiceáil toisc nach scrúdpháipéir shamplacha atá anseo ach ábhar cleachtaidh amháin.

Ar ndóigh, ní téacsleabhar Gaeilge atá in Caint agus Comhrá ach iarracht le bearna a líonadh ar uair na práinne.  Is féidir an leabhar a úsáid i gcuideachta na haipe, An Chraic, a chuir Míle Fáilte ar fáil i bhFómhar na bliana 2018.  Tá cuid mhór de na habairtí atá de dhíth do na rólimirtí seo ar an aip sin agus í ar fáil ón App Store agus ó Google Play Store.

Praghas 10.00

0.25 KG: