Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

Caint is Comhrá 4 – Pacáiste – Rang 4

.8 KG:

Praghas

24.20

Catagóirí: ,

Cur síos

Is é Caint is Comhrá 4 an dara leabhar as péire i gCéim a Trí den chlár Gaeilge Caint is Comhrá. Tagann an clár seo go hiomlán le riachtanais Curaclam Nua Teanga na Bunscoile.
Cumadh na scéalta i ngach aonad go cúramach sa chaoi is go bhfaigheann na páistí taithí ar réimse leathan de na seánraí léitheoireachta. Tá na scéalta céimnithe, rud a éascaíonn dul chun cinn i rith na scoilbhliana.

Tá cúig aonad déag agus trí aonad súil siar i ngach Príomhthéacsleabhar.
Scríobhadh gach gné den chlár le cinntiú go bhfuil gach cuid den aonad comhlántach agus i gcomhthéacs.
Leagtar béim ar na heochairfhocail tríd an gclár ar fad.
Tacaíonn réimse iontach de ghníomhaíochtaí idirghníomhacha ar líne leis na pointí foghlama atá i ngach aonad, ar bhealach spraíúil, spreagúil.
I ngach aonad tá pointí múinteoireachta agus gníomhaíochtaí treoraithe, a dhéanann forbairt ar aithint focal, tuiscint, fónaic, forbairt teanga ó bhéal, gramadach, litriú agus na seánraí scríbhneoireachta.
Tá Portfóilió ag dul le Caint is Comhrá 4. Treisíonn an Portfóilió an tuiscint, an foclóir, an staidéar ar fhocail/fónaic, an ghramadach agus an litriú atá déanta sa Phríomhthéacsleabhar.

Clúdaíonn an Portfóilió na seánraí scríbhneoireachta uile.Is gné ar leith é sin.
Tá na seánraí scríbhneoireachta ar fad múnlaithe sa chaoi is gur féidir iad a úsáid ar an gclár bán idirghníomhach.
Taispeánann an Portfóilió taifead soiléir d’obair an pháiste i rith na bliana.

9780714430461

Eolas breise

Meáchan .8 kg