Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 0

Cáitheadh na dTonn

0.35 KG:

Éabhlóid

Muirghein

9780995611900

Praghas

14.00

Cur síos

I gCáitheadh na dTonn tá úrscéal atá lonnaithe i nGaeltacht Ghaoth Dobhair chomh maith le dhá ghearrscéal agus dráma a léiríonn saol na ndaoine sa cheantar ag tús an chéid seo caite. Céadfhoilsíodh an leabhar i 1934 agus tá fiúntas ar leith leis as a shaibhreas teanga agus mar fhaisnéis shóisialta. Sa leagan úr, tá cóiriú déanta ar an téacs agus é tugtha suas chun dáta le litriú na haimsire seo ach aird faoi leith tugtha do sheanleaganacha cainte a chuireann go mór le saibhreas scríbhneoireachta an údair.

Tugann Muirghein cuntas beo sa leabhar ar phobal tuaithe atá ag iarraidh a dhul ar aghaidh sa tsaol. Léiríonn sé a mbuanna agus a ndeacrachtaí agus lena linn sin nochtann sé spiorad dochlaochlaithe an duine ina chuid scéalta. Is taifead údarásach é an leabhar ar shaol an cheantair sna 1920idí agus tugann sé léiriú maith dúinn ar ghnásanna agus ar dhóchas na ndaoine sa phobal Gaeltachta sin ag an am. Feictear an phágántacht ina beatha taobh le taobh leis an Chríostaíocht, saol tuaithe faoi bhrú ag an imirce, agus is súil ghlinn siar é ar shaol na ndaoine i dtír a raibh athruithe móra ar cois inti.

Eolas breise

Meáchan 0.35 kg